Permanent URI for this collection
Browse
Recent Submissions
Publication Athinsint ealaíonta ar oidhe Dheirdre agus ar ansmacht Chonchúir(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Whelton, MarieTá scéal brónach tragóideach Dheirdre agus Chlann Uisnigh i measc oidheanna Rúraíochta móra na Gaeilge. Is scéal clasaiceach é atá á léamh agus á athinsint le níos mó ná míle bliain. I liosta foinsí, luann an Corpus of Electronic Texts (CELT) (https://celt.ucc.ie/published/T301020.html) ocht leagan a foilsíodh idir 1808 agus 1993 agus cúig oiriúnú / aistriúchán is tríocha den scéal a foilsíodh idir 1858 agus 1996. I measc a eagarthóirí agus a oiriúnóirí clúiteacha, tá Dubhghlas de hÍde, W.B. Yeats agus Pádraig Ó Fiannachta. D’fhéadfaí cur leis an liosta atá curtha ar fáil ag CELT agus leaganacha do pháistí agus do dhéagóirí den scéal a lua – leagan Cholmáin Uí Raghallaigh ón mbliain 2008, mar shampla amháin, leagan atá maisithe i stíl ghrafach ag Barry Reynolds. Agus an líon sin leaganacha eile ar marthain, an cheist is túisce a thagann chun cinn don léirmheastóir faoin leagan úr seo le Darach Ó Scolaí ná: an raibh gá le hathinsint eile? A luaithe agus a thógfaidh an léitheoir leabhar Uí Scolaí ina lámha, áfach, beidh sé soiléir dó / di go gcuireann an leagan úr seo go mór le traidisiún an scéil agus go ndéanann sé an traidisiún sin a athbheochan go healaíonta. Sa léirmheas seo féachfar ar dhá ghné den athbheochan a dhéanann Ó Scolaí ar an scéal, is iad sin, an ghné idirnáisiúnta agus an léiriú casta a thugann an tragóid ar chúrsaí cumhachta agus ar chúrsaí inscne.Publication One hundred years of Irish language policy, 1922-2022(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Philbin, AlexandraTugann John Walsh faoi anailís ar pholasaí rialtas na hÉireann i leith na Gaeilge ó bunaíodh an Stát in 1922 sa leabhar seo. Ón tús, léirítear gur ábhar casta é seo toisc go bhfuil polasaí teanga in Éirinn lán de ghnéithe a thagann salach ar a chéile le céad bliain anuas. In ainneoin na castachta seo, éiríonn le Walsh anailís shoiléir agus áititheach a chur os comhair an léitheora. Bhain sé leas as cáipéisí staire ó chartlanna éagsúla, agus chuir agallaimh, fócas-ghrúpaí agus breathnóireacht rannpháirteach a rinne Walsh leis an anailís chomh maith. In ionad díriú ar gach gné den scéal le céad bliain, roghnaíonn Walsh cúig théama faoi leith: cainteoirí na Gaeilge, an Ghaeltacht, an córas oideachais, reachtaíocht agus an chraoltóireacht agus tá caibidil amháin sa leabhar ar gach ceann acu. Le críoch a chur leis an leabhar, déanann Walsh achoimre ar an anailís atá déanta aige sa chaibidil dheireanach agus tugann sé roinnt moltaí don todhchaí. Tá leagan amach an leabhair agus roghnú na n-ábhar, atá thar a bheith fairsing, le moladh. Ligeann cás-staidéar spéisiúil i ngach caibidil don údar anailís níos doimhne a dhéanamh ar chásanna agus ar thréimhsí faoi leith agus ligeann sé don léitheoir dul ar turas trí chéad bliain ar iomaí cor agus casadh atá iontu.Publication Léirmheas ar stórchiste: Teasáras Aibítreach na Gaeilge le Nicholas Williams agus ar Teasáras Gaeilge‒Béarla le Garry Bannister(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Ní Mhealláin, EvaIs annamh is iontach a deirtear. Nárbh iontach é, sa chás sin, nuair a d’fhoilsigh Evertype STÓRCHISTE: Teasáras Aibítreach na Gaeilge le Nicholas Williams ag tús na bliana seo caite. Is coincheap é féin an teasáras, nach raibh i dtraidisiún na Gaeilge go dtí foclóir analógach Uí Dhoibhlin (1998), agus is beag teanga eile ina bhfaightear teasaráis mar atá sa Bhéarla. Nach mór an t-ionadh mar sin, dhá mhí i ndiaidh fhoilsiú an teasárais stairiúil seo gur fhoilsigh New Island Teasáras Gaeilge‒Béarla (Irish‒English Thesaurus) le Garry Bannister.Publication Léirmheas ar an scannán An Cailín Ciúin(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) de Bléine, Padaí‘Ní raibh de dhíth uirthi ach giota peataireachta’, a dúirt Eibhlín, an mháthair altrama, sa scannán An Cailín Ciúin agus í ag labhairt ar Cháit a bhí ag stopadh aici agus ag a fear Seán ar feadh míosa. Is iad Carrie Crowley agus Andrew Bennet a ghlac ról na dtuismitheoirí altrama agus tá moladh mór tuillte acu as an aisteoireacht shéimh nádúrtha. Tháinig an scannán amach sa bhliain 2022, ach tá an scéal féin suite sa bhliain 1981. Tá an scannán bunaithe ar an leabhar Foster (2010) le Claire Keegan agus is é Colm Bairéad a scríobh agus a stiúir. Dúirt Bairéad le Cathy Clarke in alt in The Guardian (2022) gur thit sé i ngrá leis an leabhar láithreach, agus go raibh sé ag sileadh na ndeor agus é á léamh. Bhí sé cinnte go mbeadh na cearta ag duine éigin eile le scannán a dhéanamh de ach, ar an dea-uair dósan, ní raibh. Cuireann Bairéad ábhar sa scannán nach bhfuil i scéal an bhunleabhair, saol Cháit sa bhaile, cuir i gcás, an claonadh atá inti an leaba a fhliuchadh agus an claonadh atá inti dul ar strae. Is í Cáit an príomhcharachtar agus is í Catherine Clinch a ghlac an ról sin. Is é seo an chéad ról a bhí aici agus fóireann a stíl aisteoireachta go hiontach maith don ról céanna. Go deimhin, ainmníodh an scannán do Ghradam Oscar don Scannán Idirnáisiúnta Lánfhada is Fearr.Publication An stócach nach raibh eagla ar bith air(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Nic Ruaidhrí, SadhbhaBhí athair ann tráth a raibh beirt mhac aige. Boc cliste, éirimiúil ba ea an mac ba shine agus bhí guaim aige air féin. Ach amadán dallintinneach a bhí sa mhac ab óige agus cha raibh sé in ann aon rud a fhoghlaim ná a thuiscint. Bhí sé chomh bómánta sin gur ghnách le daoine a rá go mbeadh sé ina ualach ar a athair! Am ar bith a bhíodh rud inteacht le déanamh, an mac ba shine a dhéanadh é; ach dá mbíodh rud inteacht le déanamh nuair a bhíodh sé dorcha amuigh, agus dá mbíodh ar an duine dul fríd an reilig nó fríd áit éigin scanrúil, taibhsiúil dá leithéid leis an rud sin a dhéanamh, an freagra a bhíodh ag an mhac ba shine i dtólamh ná: “Dar fia a Athair, cha dtabharfaidh rud ar bith orm dul ansin, cuireann sé cradhscal orm!” Bhí eagla a chroí ar an mhac ba shine. In amantaí nuair a shuíodh siad uilig cois tine san oíche ag insint scéalta uafáis dá chéile, deireadh na daoine a bhí ag éisteacht a leithéidí, “Arú, cuireann na scéalta sin eagla orm!” Chuala an mac ab óige seo agus é suite sa choirnéal ach char thuig sé a raibh i gceist acu. “Bíonn siad ag rá i dtólamh, ‘Cuireann sé eagla orm! Cuireann sé eagla orm!’ Ach cha gcuireann rud ar bith eagla ormsa. Is dócha go bhfuil sé thar m’acmhainne.”Publication Faoi smionagar an tsaoil(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Nic Niallais, ÁineDán Faoi Smionagar an tSaoil (Do pháistí Ghaza)Publication Ó phinn na mbaniriseoirí in Déirdre: Iris na mBan(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Whelan, KatieTá an t-alt seo fréamhaithe i dtaighde dochtúireachta ar iriseoireacht na Gaeilge agus ar mhná na hÉireann sa tréimhse iar-athbheochana Gaeilge, idir bunú Shaorstát Éireann, 1922 agus tús chraoladh Raidió Éireann, 1962. Sa togra leathan, leagtar béim san obair seo ar phíosaí atá scríofa ag mná, do mhná agus faoi mhná, idir shaothair iriseoireachta agus litríochta. Déantar iniúchadh ar ábhar pinn na mban agus iad ag tagairt d’imeachtaí móra sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúla na tréimhse, chomh maith le topaicí laethúla, le léargas a fháil ar ghuth na mban sna meáin chlóite ag an am. Is cás-staidéar amháin í Déirdre: Iris na mBan (Déirdre as seo amach) ón taighde sin agus is ar an bhfoilseachán sin a bheidh ábhar an ailt seo bunaithe. Cé go raibh scríbhneoirí fireanna ann a chuir peann le pár ar bhonn rialta do Déirdre, is iad ailt shuntasacha na mbaniriseoirí agus fógraí na hirise a díríodh ar an tomhaltóir baineann a bheidh faoi chaibidil anseo. Féachfar ar stair agus ar chur chuige na hirise féin; ansin déanfar anailís ar ábhar na n-alt agus na bhfógraí agus bunaithe ar an iniúchadh seo taispeánfar ionchur Déirdre i bhforbairt ghuth na mban in iriseoireacht na Gaeilge sna 1950í, tús shaolré na hirise. Déanfar an anailís seo i gcomhthéacs tar éis John Horgan go n-éiríonn leis na meáin athruithe sóisialta agus polaitíochta a chur i bhfeidhm, mar aon le scáthántacht a dhéanamh ar na hathruithe céanna (Horgan, 2001: 2). Tabharfaidh an t-alt seo na saothair seo ó pheann baniriseora chun solais. Is minic a bhíodh aoi-scríbhneoirí a scríobh don iris agus i measc bhaniriseoirí rialta Déirdre bhí Siobhán Nic Chionnaith, Máire Ní Chinnéide, Síle Ní hAoileáin agus Cáit Ní Mhathúna, gan ach a bheagán a lua. Is í ceist lárnach an ailt seo, agus an taighde dochtúireachta i gcoitinne, ná an ndearna na meáin Ghaeilge, Déirdre: Iris na mBan go háirithe, scáthánú ar thuairimí agus réamhchlaontaí an phobail i dtaca le ról na mban, nó an raibh an iris freagrach as teacht chun cinn dearfach na mban i sochaí Éire na hiar-athbheochana?Publication Conradh na Gaeilge agus Inniu(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Ní Uigín, DorothyGearóid Ó Cuinneagáin a bhunaigh Craobh na hAiséirí, craobh de chuid Chonradh na Gaeilge, sa bhliain 1940; is mar seo a rinne Proinsias Mac an Bheatha, duine de na baill luatha, cur síos ar a bunú (1967: 98–9): ‘Bunaíodh an chraobh ag cruinniú a tionóladh ag 55 Sráid Uí Chonaill Íochtarach, Baile Átha Cliath, ar an 26ú Meán Fómhair, 1940…’ Ba léir ón méid a deir sé an phráinn a samhlaíodh leis an obair a bhí le déanamh ag an gCraobh nua – ‘Gearóid Ó Cunneagáin agus Caoimhín Ó Seachnasa a ghairm an cruinniú…Bhí Gearóid Ó Cuinneagáin ina chathaoirleach ar an chruinniú tionscnaimh. Dúirt sé agus é ag míniú chuspóirí na craoibhe, gur léir mura dtabharfaí tarrtháil ar an Ghaeilge gan mhoill go gcaillfí í go brách…’ Tá an mhífhoighid a bhraith bunaitheoirí na craoibhe seo le ceannairí Chonradh na Gaeilge soiléir anseo. I mí na Samhna, 1942, scar Craobh na hAiséirí leis an gConradh ar fad, ar ndóigh, ach i mí na Nollag sa bhliain chéanna, tharla scoilt i gCraobh na hAiséirí féin agus bunaíodh Glún na Buaidhe. Is i mí an Mhárta (Lá ’le Pádraig) den bhliain dar gcionn a chuir Glún na Buaidhe an chéad eagrán de Inniu amach, nuachtán a mhair breis agus ceathracha bliain agus inar pléadh cuid mhór de na hiarrachtaí a rinne an Ghlún leis an nGaeilge agus an ‘náisiún Gaelach’ a chur chun cinn. Dúirt Proinsias Mac an Bheatha (1967: 140) gur ‘Gléas oibre a bhí i nGlúin na Bua. Ní raibh aon chuspóir eile againn ach seirbhís a thabhairt don Ghaeilge – agus don náisiún’.Publication An tumoideachas déanach: bac nó buntáiste?(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Ní Chonchubhair, Hilary; Ó Ceallaigh, T.J.; Dennehy, NiamhIs tréimhse shuntasach í an t-aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil i saol an fhoghlaimeora. Déantar cur síos ar an tréimhse fhorbarthach seo mar chlaochlú cognaíoch, síceasóisialta agus mothúchánach (Hanewald, 2013; Hines, 2007). Is beag atá fiosraithe ar an ábhar seo i gcomhthéacs na hÉireann, go háirithe ó tharla leasú curaclaim ag an dá leibhéal, agus tá níos lú fós le sonrú i gcomhthéacs an tumoideachais dhéanaigh lán-Ghaeilge. Is iad foghlaimeoirí an tumoideachais dhéanaigh iad siúd a aistríonn ó bhunscoil lán-Bhéarla go hiar-bhunscoil lán-Ghaeilge, nó foghlaimeoirí a dhéanann staidéar ar an nGaeilge mar ábhar riachtanach amháin mar chuid den churaclam bunscoile (Ó Muircheartaigh & Hickey, 2008). Aithnítear cúig dhroichead aistrithe idir an bhunscoil agus an iar-bhunscoil sa litríocht idirnáisiúnta a fheidhmíonn mar chreat teoiriciúil don aistriú rathúil (Galton et al., 1999): an droichead riaracháin, an droichead sóisialta agus mothúchánach, an droichead curaclaim, an droichead oideolaíoch agus an droichead neamhpleáchais foghlama. Tá sé mar aidhm ag an bpáipéar seo iniúchadh a dhéanamh ar chúinse sa bhreis don aistriú rathúil i gcomhthéacs an tumoideachais dhéanaigh – teanga an teagaisc. Ar dtús, tabharfar sainmhíniú ar an tumoideachas agus ar an tumoideachas déanach, mar aon leis an aistriú i gcomhthéacs an tumoideachais dhéanaigh. Déanfar scagadh criticiúil ar litríocht ábhartha agus tabharfar spléachadh ar phríomhghnéithe an tumoideachais dhéanaigh. Fiosrófar na himpleachtaí forbartha ó pheirspictíochtaí éagsúla d’fhoghlaimeoirí an tumoideachais dhéanaigh agus bearna inniúlachta teanga le sárú acu. Mar chonclúid, féachfar ar na dúshláin agus na deiseanna roimh phobal an tumoideachais dhéanaigh, idir fhoghlaimeoirí, thuismitheoirí/chaomhnóirí, mhúinteoirí agus cheannairí scoile, agus an Ghaeilge mar theanga an teagaisc, na cumarsáide agus an tsóisialaithe.Publication Ó shamhlacha físeacha go dtí an cleachtas laethúil: Creat forbartha gairmiúla na foghlama comhtháite ábhar agus teanga le cuidiú na teicneolaíochta (R-FCÁT)(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Ní Bheaglaoich, Nóra; Ó Ceallaigh, T.J.Tá dea-cháil na foghlama comhtháite ábhar agus teanga (FCÁT) aitheanta sa litríocht idirnáisiúnta ó na nóchaidí i leith mar threocht chun an dara teanga a theagasc. Tiomáineann an t-ábhar an teagasc le FCÁT ach cuirtear défhócas ar ábhar agus ar theanga araon chun an sprioctheanga a bhláthú (Coyle et al., 2010; Mehisto et al., 2008). Eachtraítear don bhFCÁT sa litríocht dhúchasach in Éirinn le fada (An Roinn Oideachais & Scileanna, 2011; Harris et al., 2006; Rialtas na hÉireann, 2010; Harris & Ó Duibhir, 2011; An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim & Measúnachta, 2015; 2019) ach feictear dícheangal go fóill maidir le moltaí an churaclaim teanga don bhunscoil (CNCM, 2015; 2019) agus cleachtais laethúla an ghnáthmhúinteoir ranga chun FCÁT a fhódú sa teagasc i mbunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ina múintear an Ghaeilge mar dhara teanga (T2).Publication An cumasú teanga i bhforbairt ghairmiúil an mhúinteora tumoideachais: Ról an chuir chuige chumaisc(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Ní Chlochasaigh, Karen; Ó Ceallaigh, T.J.Is iomaí buntáiste atá aitheanta ag údair agus taighdeoirí maidir le córas an tumoideachais ach aithnítear chomh maith céanna gur iomaí castacht a bhaineann le cur i bhfeidhm éifeachtúil chlár an tumoideachais. (Cammarata & Ó Ceallaigh, 2018). Ní mór do chleachtóirí an tumoideachais dul i ngleic go huathúil le hábhar, teanga agus forbairt na litearthachta ar bhealach comhtháite thar raon comhthéacsanna foghlama agus teanga atá éagsúil agus casta (Morton, 2016; Troyan et al., 2017). Éilítear tréanoiliúnt, ullmhú sainiúil agus forbairt ghairmiúil shuntasach an mhúinteora tumoideachais chuige seo chun cleachtóirí an tumoideachais a chumasú ina múinteoirí teanga agus ábhar (Tedick & Zilmer, 2018). Tá ardfheasacht agus ardchumas teanga an mhúinteora riachtanach don teagasc agus don fhoghlaim i suíomh an tumoideachais lán-Ghaeilge (Ní Chathasaigh & Ó Ceallaigh, 2021; Ó Ceallaigh & Ní Chlochasaigh, 2019a, 2019b, 2019c, 2019d; Ní Chlochasaigh & Ó Ceallaigh, 2019). Tugtar le fios go seasmhach sa taighde ábhartha go mbíonn dúshláin ar leith le sárú chun oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chur i bhfeidhm go rathúil, go háirithe dúshláin a bhaineann le sealbhú na tumtheanga agus leis an gcleachtas oideolaíoch (Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ó Duibhir, 2018; Flynn, 2022). Tá de chúram gairmiúil ar mhúinteoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta an t-ábhar acadúil a sholáthar ar bhealach sothuigthe do dhaltaí atá ag foghlaim trí mheán na mionteanga, na teanga oidhreachta nó trí mheán an dara teanga. Ag an am céanna, is gá oilteacht agus litearthacht a fhorbairt sa teanga sin agus naisc thras-chultúrtha agus thras-theangeolaíocha a éascú. Tá géarghá le forbairt bonn eolais riachtanach, tuiscintí doimhne agus inniúlachtaí ríthábhachtacha le cur ar chumas múinteoirí an ról casta dinimiciúil sin a chomhlíonadh mar oideoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá géarghá leis an bhforbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí i suíomhanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chun treoir agus soiléiriú a chur ar fáil maidir leis an gcleachtas oideolaíoch is éifeachtaí (Ní Thuairisg, 2014; Ní Dhiorbháin & Ó Duibhir, 2017; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ó Ceallaigh et al., 2018; Ó Duibhir, 2018; Ó Ceallaigh et al., 2019).Publication Cás na teanga i gContae an Longfoirt(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Neothallaigh, MargaritaBaineann an t-alt seo le stádas na Gaeilge i gContae an Longfoirt de réir Dhaonáireamh 1911 sna ceantair seo a leanas: Sonnach, Béal Átha na Lao, An Ráth Mór, Mainistir Leathrátha agus Bun Lathaí. Tá na ceantair i mBarúntacht an Ghránaird. Luaitear tuaisceart an Longfoirt chomh maith le háiteanna i dtuaisceart Chontae na Mí mar áiteanna ina raibh an teanga láidir go lár an 19ú haois: bhí naonúr aonteangach ann ag an am (Adams, 1986: 114). Léiríonn FitzGerald go raibh an Ghaeilge fós á labhairt ag 4% den phobal a bhí os cionn 60 bliain in 1911 i gceantair bheaga sa Longfort agus san Iarmhí (2003: 204). Déanfar anailís ar shonraí an Daonáirimh le léargas a thabhairt ar an líon a choinnigh an Ghaeilge. Tagraítear do Chonradh na Gaeilge go háitiúil mar b’eagraíocht chomhaimseartha bharántúil í a bhunaigh craobhacha sna ceantair sin.Publication Staidéar samplach ar fheidhm an logainm i nualitríocht na Gaeilge(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Mac Corraidh, SeánIs sa Ghaeilge atá a bhfréamhacha agus a mbunús ag an chuid is mó de na hainmneacha atá againn sa tír seo ar áiteanna, ar lonnaíochtaí, ar áitribh chónaithe agus ar ghnéithe den tírdhreach agus den mhuirdhreach, ó thaobh na tíreolaíochta agus na seandálaíochta de. Ar na logainmneacha sin, áirítear, i measc mórán eile, cnoic, clocha agus carraigeacha, gleannta agus machairí, oileáin agus insí mara agus locha, tógálacha cosanta, lárionaid Phágántachta agus suíomhanna eaglasta Críostaí (Flanagan, 1975: 1–6; Hughes, 1991: 116–37). Ina n-ainneoin seo uile go léir: creachadóireacht, scrios agus trádáil na Lochlannach, ionradh agus concas na Normannach, concais na dTúdarach agus díshealbhú tailte fairsinge a bhí i seilbh Gael le linn plandálacha suntasacha a thionscain an rialtas sa 16ú céad agus sa 17ú céad (Ó Mainnín, 2017), maireann bunbhrí na n-eilimintí Gaeilge seo, chomh maith lena leaganacha Béarlaithe amhail sliabh mar atá san ainm Sliabh Mis (Slemish, Contae Aontroma); cnoc: Cnoc na gCoiníní (Knocknagoney, Contae an Dúin); gleann: Gleann an Iolair (Glenullen, Contae Dhoire); dún: Dún na nGall (Donegal, Contae Dhún na nGall); cill: An tSeanchill (Shankill, Contae Aontroma), etc.Publication Foghlaim na filíochta ag an tríú leibhéal: éisteacht ghníomhach agus féidearthachtaí maidir le fonn agus fiosracht a spreagadh i measc na mac léinn(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) de Bléine, Padaí; Hanratty, BrianIs é aidhm an taighde seo a fháil amach an gcuirfidh modh eile teagaisc, a chuireann béim ar cheol agus ar aithris na filíochta agus ar fhoghlaim ghníomhach, fonn ar mhic léinn staidéar a dhéanamh uirthi agus an músclóidh sé fiosracht na mac léinn inti. Tá an taighde seo bunaithe ar fhiosrú oideolaíoch. Cuireann Watkins & Mortimore (1999: 3) síos ar theagasc bunaithe ar fhiosrú oideolaíoch mar seo a leanas, ‘any conscious activity by one person designed to enhance the learning of another’. Cuireann Campbell & Groundwater-Smith (2010: 13) síos ar thaighde cleachtóra mar ‘Practitioner research, located in the larger field of practice-based and applied research, is distinguished by its focus on research done by practitioners themselves, usually an investigation of practice with a view to evaluation or improvement’. Is é aidhm an taighdeora sa chás seo a chleachtas féin maidir le teagasc na filíochta a fheabhsú agus a fhorbairt agus taithí dhearfach ar an fhilíocht a thabhairt do na mic léinn. Ó thaithí an taighdeora, is minic a bhíonn dearcadh diúltach ag mic léinn tríú leibhéal ar fhoghlaim na filíochta agus a shíleann siad go bhfuil sí leadránach. Baineadh úsáid as cur chuige eile teagaisc sa taighde seo le hiarracht a dhéanamh a suim a mhúscailt inti. Rinneadh fiosrú oideolaíoch lena fháil amach an gcuideodh sé le foghlaim na filíochta dá n-éistfeadh na mic léinn le teachtaireacht phearsanta a chuir an file Cathal Ó Searcaigh chucu maidir le foghlaim na filíochta, dá n-éistfeadh siad leis an fhile ag aithris a chuid filíochta, dá léifeadh siad féin cuid dánta de chuid Uí Shearcaigh os ard agus dá mbeadh siad féin gníomhach san fhoghlaim. Deir Creely (2019: 1): ‘I contend that an experiential basis to poetry teaching has the potential for positive reception by students and may promote a deeper and more sustained understanding of poetry and poetic language.’Publication Réamhrá Léann Teanga: An Reiviú 2024(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Ó Ciaráin, RéamonnSeo é an dara heagrán déag de Léann Teanga: An Reiviú, iris na mac léinn atá ag dul don MA sa Léann Teanga in Ollscoil na Gaillimhe. Tá réimse ábhar ó raon disciplíní a bhaineann leis an léann teanga san iris. Cuirtear fáilte roimh údair ó na hinstitiúidí léinn ar fud na tíre agus ghlac siad an deis sin le fonn. Is ar líne a fhoilsítear an iris seo a chiallaíonn go bhfuil teacht éasca ar an ábhar shaibhir ar fud na cruinne dá bharr sin. Tá gach alt ó gach eagrán ar fáil ar an suíomh seo. Is mór an gar fosta, is dóigh liom, go bhfuil siad rangaithe go téamach agus de réir eagrán.Publication Eagarfhocal Léann Teanga: An Reiviú 2024(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2024) Ní Mhealláin, EvaNo abstract availablePublication Réamhrá: Léann Teanga: An Reiviú 2023(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2023) Ní Chonghaile, ÁineSeo é an t-aonú heagrán déag de An Reiviú, iris ó na mic léinn atá ag dul don MA (Léann Teanga). Údar ríméid a leithéid d’fhoilseachán a bheith ar fáil, é a bheith piarmheasúnaithe agus ábhar ar fáil ann ó raon disciplíní a thagann faoi chlóca an léinn teanga. Is breá a fheiceáil freisin go bhfuil fáilte san iris roimh údair ó na hinstitiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre.Publication Feargal Ó Béarra: scoláire agus scríbhneoir Gaeilge i mbláth a mhaitheasa ar lár(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2023) Ní Dhonnchadha, MáirínD'imigh Feargal Ó Béarra ar shlí na fírinne ar an 21ú Nollaig 2022, agus is cailliúint ollmhór a bhás dá mhuintir, dá chairde agus do shaol na Gaeilge. Rugadh Feargal i mí na Bealtaine 1970. De bhunadh Mhuigh Eo a athair, Ted Berry (nach maireann), agus a mháthair, Sorcha (Sally) Ní Oistín, agus tháinig an lánúin chun cónaithe i mBoth Chuanna sa Spidéal. Saolaíodh cúigear mac dóibh, Micheál, Dónal, Éamonn, Ruaidhrí agus Feargal. D'adhain agus spreag siad suim na mbuachaillí sa Ghaeilge, san amhránaíocht agus i gcúrsaí spóirt, réimsí a mbeadh luí ag Feargal leo ar feadh a shaoil. Chuir an teaghlach préamhacha doimhne futhu sa phobal: eachtra amháin a thugann léargas greannmhar air sin ná an bhratach mhór a d'ardaigh na deartháireacha, Feargal ina measc, i bPáirc an Chrócaigh ag an gcluiche ceannais idir Gaillimh agus Cill Chainnigh sa bhliain 1987, agus 'Scaoil amach an Bobailín' scríofa uirthi. Ghabh an Brainse Speisialta chucu gan mhoill, agus iad ag ceapadh gur tacaíocht do phoblachtánaigh a bhí á fhógairt, ach míníodh dóibh go tapaidh nach raibh i gceist leis an nath cainte ach tacaíocht d'fhoireann na Gaillimhe! Is mó gáire a deineadh faoin eachtra i gCois Fharraige ina dhiaidh sin.Publication Álainn, Éagsúil, Baineann agus Díbeartha: Léirmheas ar Cuma agus Claochmú / Mutagenesis le Deirdre Brennan(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2023) Whelton, MarieDhá dhráma – dráma Gaeilge agus dráma Béarla – i dtrí ghníomh is ea Cuma agus Claochmú / Mutagenesis le Deirdre Brennan. Is leaganacha athchóirithe cruthaitheacha iad na drámaí de sheanscéal miotaseolaíochta faoi bhandia an talaimh – Eachtra Airt Meic Cuind Agus Tochmarc Delbchaime Ingine Morgain (Best, 1907). Is í Bécuma príomhcharachtar an tseanscéil agus na ndrámaí agus díbríodh í óna tír féin de bharr ‘peaca.’ Cé go gcuirtear Bécuma i láthair mar leagan de phearsantú an talaimh, is féidir, freisin, go seasann sí sna drámaí do mhná eile a díbríodh óna dtíortha dúchais toisc nár lean siad na rialacha moráltachta a bhíodh á gcleachtadh ag a bpobail dhúchasacha – tagann mná ar nós Nóra Mharcais Bhig agus Mahsa Amini chun cuimhne, mar shampla. Mar is dual do na scéalta miotaseolaíochta, bogann na drámaí go héasca idir an saol réalaíoch agus an saol eile, ach bogann siad, freisin, idir tréimhsí ama éagsúla (15–6 agus 22) – idir an aimsir chaite agus an aimsir láithreach – agus is í an ghné sheach-stairiúil sin de na drámaí a léiríonn go bhfuil a seantéama fós ábhartha sa lá atá inniu ann. Ar an ábhar sin, féachfar sa léirmheas seo, ar an léargas a thugann an dráma Gaeilge ar an díbirt (nó an milleánú) mar fheiniméan il-aoiseach uilíoch a leanann go seasmhach in eispéireas an chine dhaonna in ainneoin na gclaochluithe go léir a dtagraíonn teideal an dráma dóibh.Publication Léirmheas ar Mé Suibhne(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 2023) Ní Chatháin, CassieScríbhneoir, scoláire agus aistritheoir ab ea Feargal Ó Béarra, a tógadh sa Spidéal agus a chaith tréimhsí i mbun taighde agus teagaisc san Iorua, sa Ghearmáin, i gCeanada agus i Meiriceá. Duine cruthaitheach, cumasach, ildánach ab ea é, agus is seoid í an leabhar seo i measc na saothar éagsúil a scríobh sé le linn a shaoil. Is leabhar ficsin corraitheach, dúshlánach, suaithinseach é Mé Suibhne, athinsint dhaonna a chuireann scéal Shuibhne ar na súile do ghlúin eile. Scríobhadh an buntéacs Buile Shuibhne sa dara haois déag faoi Rí Suibhne Mac Colmáin, rí in oirthuaisceart na tíre i ré na luath-Chríostaíochta in Éirinn. Téann sé ar strae sa chloigeann de bharr na mallachta a chuireann Naomh Rónán air, agus tugann an buntéacs eolas dúinn i bhfoirm filíochta ar dheoraíocht Shuibhne ina chuid focal féin.