Ag foghlaim na Gaeilge agus ag foghlaim trí mheán na Gaeilge sa suíomh lán-Ghaeilge: Peirspictíochtaí na ndaltaí
Rogan, Thomas
Rogan, Thomas
Loading...
Repository DOI
Publication Date
2023
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
Rogan, Thomas. (2023). Ag Foghlaim na Gaeilge agus ag Foghlaim trí mheán na Gaeilge sa Suíomh lán-Ghaeilge: Peirspictíochtaí na nDaltaí. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/nk8t-8x97
Abstract
Is toradh é an t-alt seo ar staidéar a dhírigh ar shealbhú na Gaeilge sa tsuíomh lán-Ghaeilge agus na foinsí tacaíochta a bhí ann do pháistí mar chuid den phróiseas sealbhaithe. Dhírigh an taighde seo go príomha ar ról na gcúntóirí ranga sa suíomh lán-Ghaeilge, agus an ról a bhí acu i bhforbairt teanga na ndaltaí. Le sealbhú an dara teanga a éascú, cuirtear an-bhéim ar theagmháil na ndaltaí leis an Ghaeilge, le freastal cuí a dhéanamh ar riachtanais teanga na ndaltaí siúd atá tumtha go minic i dteanga nach í an teanga baile í. Ar an ábhar nach í an Ghaeilge máthairtheanga mhórchuid na ndaltaí, is iad foireann na scoile, múinteoirí agus cúntóirí ranga go háirithe, a n-imríonn an-tionchar ar shealbhú agus ar fhorbairt an dara teanga. Déantar tuairisciú sa pháipéar seo ar an ról suntasach atá ag daoine fásta agus iad ag tacú le forbairt an dara teanga sa tsuíomh lán-Ghaeilge. Mar chuid de chás-staidéar, rinneadh iniúchadh ar bharúlacha na ndaltaí ar shealbhú mionteanga, Gaeilge sa chás seo, sa tsuíomh lán-Ghaeilge. Tugtar léargas ar thuairimí na ndaltaí ar fhoghlaim na Gaeilge, ar fhoghlaim trí mheán na Gaeilge agus ar an tábhacht a bhaineann leis seo, dar leo. Bunaíodh na tuairimí seo ar na heispéiris foghlama a bhí ag na páistí chuige seo agus an tacaíocht a tugadh dóibh mar chuid den phróiseas sealbhaithe.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE