Publication

Léirmheas ar POBAL NA GAEILGE: Daonra, Institiúidí, agus Cumhacht le Pádraig Breandán Ó Laighin

Mac Giolla Bhríde, Oisín
Citation
Mac Giolla Bhríde, Oisín. (2023). Léirmheas ar POBAL NA GAEILGE: Daonra, Institiúidí, agus Cumhacht le Pádraig Breandán Ó Laighin. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/sa4s-j229
Abstract
Is socheolaí é Pádraig Breandán Ó Laighin agus ba léachtóir le socheolaíocht in Ollscoil McGill, agus Ollamh le socheolaíocht i gColáiste Vanier é. Bhí ról lárnach aige sna feachtais chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh, agus chun deireadh a chur leis an maolú ar an stádas sin. Toradh ar shraith léachtaí a thug Ó Laighin i suíomhanna éagsúla timpeall na tíre é POBAL NA GAEILGE: Daonra, Institiúidí, agus Cumhacht. Iniúchadh agus anailís ar cheisteanna daonra, institiúidí agus stádais Phobal na Gaeilge, chomh maith le moltaí sonracha reachtaíochta i leith na gceisteanna sin atá sa leabhar seo. Leabhar acadúil is ea é, a mbeidh suim mhór ann ag duine ar bith atá ag dul do chur chun cinn, d’athbheochan, nó do chaomhnú na Gaeilge, ach ní orthu siúd amháin atá sé dírithe. Is díol spéise go míníonn Ó Laighin i nóta i mbrollach an leabhair, cé gur i nGaeilge a scríobhadh na léachtaí is bunús don leabhar agus bundréachtaí na gcaibidlí ar fad, go raibh leagan Béarla den téacs á réiteach go comhuaineach aige, agus go bhfuil sé i gceist aige an leagan Béarla a fhoilsiú amach anseo, mar gur mheas sé go mbeadh sé tábhachtach anailís agus moltaí an leabhair a chur faoi bhráid Phobal an Bhéarla in Éirinn freisin. Dá gciallódh sé seo go mbeadh, fiú amháin, mionlach beag bídeach de Phobal an Bhéarla in Éirinn ní b’eolaí agus ní ba thuisceanaí ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ba mhaith an rud é.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE