Publication

Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht- Súilfhéachaint ar an tSéimeantaic Chognaíoch i gCothú Tuisceana ar Chosúlachtaí agus ar Phatrúin Mheafaracha sa Ghaeilge

Nic Niallais, Áine
Loading...
Thumbnail Image
Repository DOI
Publication Date
2018
Type
Article
Downloads
Citation
Nic Niallais, Áine. (2018). Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht- Súilfhéachaint ar an tSéimeantaic Chognaíoch i gCothú Tuisceana ar Chosúlachtaí agus ar Phatrúin Mheafaracha sa Ghaeilge. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/nayd-gt78
Abstract
Is minic i mbéal[2] an bhig is an mhóir an tábhacht a bhaineann le ‘saibhriú teanga’ i gcomhthéacs theagasc agus fhoghlaim na Gaeilge, ní gá ach ‘saibhriú teanga’ a chur in inneall cuardaigh Google agus feicfear an líon ard cúrsaí agus foinsí eile teanga lena luaitear an téarma ‘saibhriú teanga’. Seachas leithéidí shárshaothar Uí Ruairc (1996), áfach, is annamh go leagtar méar ar bhealach daingean ar bith ar na patrúin éagsúla a bhaineann le nathanna coitianta sa Ghaeilge.[3] Is i réimse na séimeantaice cognaíche a tugadh aghaidh ar an tábhacht a bhaineann le patrúin i gcúrsaí brí agus meafar i dteagasc agus i bhfoghlaim teangacha. Is mórphrionsabal de chuid na dteoiriceoirí sa réimse seo go mba thairbheach an cuidiú é d’fhoghlaimeoirí teanga, agus do theagascóirí teanga fosta ar ndóigh, a thuiscint nach próiseas randamach atá i gceist le forbairt na meafar i dteanga ach próiseas a bhfuil patrún ar leith ag baint leis, mar a áitíonn Boers (2000: 563): ‘Applying metaphoric themes as categories provides a framework for lexical organization, and organized vocabulary is known to be easier to learn than random lists’. Dá bhrí sin, tugtar súilfhéachaint[4] san alt seo ar an úsáid a thig a bhaint as teoiricí na séimeantaice cognaíche chun cos a chur as an obair i dtaca le mionscagadh a dhéanamh ar fhoclóir Uí Dhónaill[5] chun patrúin a bhaineann le nathanna meafaracha sa Ghaeilge a aimsiú. Déantar é seo le súil is go bhféadfaí bonn níos struchtúrtha a leagan faoi fhoghlaim shaibhreas na Gaeilge agus, dá réir sin, go gcuideofaí linn craiceann a chur ar an úsáid a bhainimid aisti mar theanga ó lá go lá. Ainneoin go bhfuil an bhéim san alt áirithe seo ar leas a bhaint as teoiricí na séimeantaice cognaíche chun patrúin a aimsiú sa Ghaeilge agus a léiriú gur ann do phatrúin chomhchosúla i dteangacha eile mar gheall ar an dóigh a bhfeidhmíonn intinn an duine, amharcfar faoi na fabhraí ar dhifríochtaí atá idir teangacha fosta, rud a tharraingeoidh aird ar an ghá atá le tionchar an Bhéarla a sheachaint sa Ghaeilge.[6]
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE