Nodaireacht Theangeolaíoch i WordPress
Mac Lochlainn, Mícheál
Mac Lochlainn, Mícheál
Loading...
Repository DOI
Publication Date
2017
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
Mac Lochlainn, Mícheál. (2017). Nodaireacht Theangeolaíoch i WordPress. Léann Teanga: An Reiviú,
https://doi.org/10.13025/sgbf-6q98
Abstract
Sa lá atá inniu ann, is gnáthach go mbaintear úsáid as córacha ar líne, ar a nglaotar córais bainistíochta inneachair (CMSanna), chun láithreáin ghréasáin a chur suas agus a riaradh. Um an dtaca seo, tosach 2017, meastar (W3Techs, gan dáta) gurb é WordPress an CMS is mó úsáid ar an nGréasán (58.4%) agus go bhfuil 27.3% de láithreáin ghréasáin trí chéile bunaithe air. Cé gur féidir láithreán fónta a bhunú ar ásc lom WordPress, is féidir i bhfad níos mó a bhaint amach ach a fheidhm a leathnú le breiseáin. Mír bhreise bogearra is ea breiseán, a chuireann sainfheidhm éigin leis an bpríomhbhogearra. Tá breiseán darb ainm Músgraí WYSIWYM WP cumtha agam féin d'fhonn feidhm shéimeantach a chur le WordPress, á chur ar a chumas brí shonrach shéimeantach a leabú, go leictreonach, sa téacs a scríobhtar i leathanaigh ghréasáin dá chuid. Is féidir tairbhe a bhaint as an márcáil leictreonach a iompraíonn an bhrí seo chun cur i láthair an téacsa, idir fhísiúil agus neamhfhísiúil, a riaradh ar bhonn struchtúrtha, is an struchtúr sin comhbhainteach leis an mbrí. Breiseán modúlach is ea Músgraí WYSIWYM WP. Is féidir feidhm shéimeantach a bhaineann le haon sainfhearann a chur leis ach an modúl cuí a chumadh. Tá modúl fíorbhunúsach teangeolaíochta scríofa agam cheana féin ach ní chuireann sé seo le comhéadan WordPress ach mám bheag cnaipí chun an schwa is ceannlitir bheag I Laidine (i gcomhair eipintéise is an ghuta neodraigh) agus cúpla carachtar eile a iontráil sa téacs. Tugann an páipéar seo léargas ar shíneadh amach mhodúil theangeolaíoch a bhfuil feidhm níos leithne aige, is a chuireann ar fáil don úsáideoir cnaipí chun réimse fairsing carachtar nodaireachta teangeolaíocha a iontráil sa téacs. Carachtair aitheanta de chuid cleachtas aitheanta nodaireachta is ea iad seo go léir, agus iad scríofa de réir caighdeán aitheanta teicniúil.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE