An cumasú teanga i bhforbairt ghairmiúil an mhúinteora tumoideachais: Ról an chuir chuige chumaisc
Ní Chlochasaigh, Karen ; Ó Ceallaigh, T.J.
Ní Chlochasaigh, Karen
Ó Ceallaigh, T.J.
Loading...
Identifiers
https://hdl.handle.net/10379/18248
https://doi.org/10.13025/19186
https://doi.org/10.13025/19186
Repository DOI
Publication Date
2024
Keywords
Type
journal article
Downloads
Citation
Ní Chlochasaigh, Karen, & Ó Ceallaigh, T.J. (2024). An cumasú teanga i bhforbairt ghairmiúil an mhúinteora tumoideachais: Ról an chuir chuige chumaisc. Léann Teanga: An Reiviú.
Abstract
Is iomaí buntáiste atá aitheanta ag údair agus taighdeoirí maidir le córas an tumoideachais ach aithnítear chomh maith céanna gur iomaí castacht a bhaineann le cur i bhfeidhm éifeachtúil chlár an tumoideachais. (Cammarata & Ó Ceallaigh, 2018). Ní mór do chleachtóirí an tumoideachais dul i ngleic go huathúil le hábhar, teanga agus forbairt na litearthachta ar bhealach comhtháite thar raon comhthéacsanna foghlama agus teanga atá éagsúil agus casta (Morton, 2016; Troyan et al., 2017). Éilítear tréanoiliúnt, ullmhú sainiúil agus forbairt ghairmiúil shuntasach an mhúinteora tumoideachais chuige seo chun cleachtóirí an tumoideachais a chumasú ina múinteoirí teanga agus ábhar (Tedick & Zilmer, 2018).
Tá ardfheasacht agus ardchumas teanga an mhúinteora riachtanach don teagasc agus don fhoghlaim i suíomh an tumoideachais lán-Ghaeilge (Ní Chathasaigh & Ó Ceallaigh, 2021; Ó Ceallaigh & Ní Chlochasaigh, 2019a, 2019b, 2019c, 2019d; Ní Chlochasaigh & Ó Ceallaigh, 2019). Tugtar le fios go seasmhach sa taighde ábhartha go mbíonn dúshláin ar leith le sárú chun oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chur i bhfeidhm go rathúil, go háirithe dúshláin a bhaineann le sealbhú na tumtheanga agus leis an gcleachtas oideolaíoch (Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ó Duibhir, 2018; Flynn, 2022). Tá de chúram gairmiúil ar mhúinteoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta an t-ábhar acadúil a sholáthar ar bhealach sothuigthe do dhaltaí atá ag foghlaim trí mheán na mionteanga, na teanga oidhreachta nó trí mheán an dara teanga. Ag an am céanna, is gá oilteacht agus litearthacht a fhorbairt sa teanga sin agus naisc thras-chultúrtha agus thras-theangeolaíocha a éascú. Tá géarghá le forbairt bonn eolais riachtanach, tuiscintí doimhne agus inniúlachtaí ríthábhachtacha le cur ar chumas múinteoirí an ról casta dinimiciúil sin a chomhlíonadh mar oideoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá géarghá leis an bhforbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí i suíomhanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chun treoir agus soiléiriú a chur ar fáil maidir leis an gcleachtas oideolaíoch is éifeachtaí (Ní Thuairisg, 2014; Ní Dhiorbháin & Ó Duibhir, 2017; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ó Ceallaigh et al., 2018; Ó Duibhir, 2018; Ó Ceallaigh et al., 2019).
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivatives 4.0 International