Publication

Máire, feara fáil agus an díchoilíniú

Mac Bhloscaidh, Feargal
Citation
Mac Bhloscaidh, Feargal. (2025). Máire, feara fáil agus an díchoilíniú. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29634
Abstract
Mholadh Aimé Césaire (1955: 15) cothromóid nó ‘colonisation = chosification’, sin le rá go ndéantar rudaí de dhaoine faoin choilíneachas: próiseas a tháirgeann sochaithe gan dada dúchasach díobh féin, cultúir chloíte, cumainn chreachta, críocha coigistithe, creidimh chéasta, na hEalaíona eagna éignithe, agus, thar aon ní eile, olldeiseanna dochreidte nach gcomhlíonfaí go deo. Mhaígh Franz Fanon (2016: 27) gurbh ionann díchoilíniú agus daonnachas radacach a dhéanfadh an caipitleachas agus coimhthiú an duine mar aon a threascairt trí ghníomh an dúchasaigh féin. ‘La « chose » colonisée devient homme dans le processus même par lequel elle se libère.’ Cloistear macalla na smaointe seo i roisc chatha Uí Chadhain nó ’sí an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge. Pléann an t-alt seo le fathach eile de chuid na hathbheochana mar atá, Máire nó Séamus Ó Grianna. Cé gur chaill sé a mhisneach ó thaobh na hathbheochana de agus é i ndeireadh a shaoil is a laethanta, chlóigh Máire lena phoblachtachas ó bhreith go bás (Ó Dornáin, 2018: 82). Tógann an t-alt seo ar argóint Uí Dhornáin (2018: 26), mar sin de, go dtig linn teoiric Fanon agus Said a úsáid le saothar Mháire a lonnú i bhfráma an díchoilínithe.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY