An Tumfhoghlaim sa Ghaeltacht: Féidearthachtaí agus Dúshláin d’Ábhair Oidí
Ó Laoire, Muiris
Ó Laoire, Muiris
Loading...
Repository DOI
Publication Date
2018
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
Ó Laoire, Muiris. (2018). An Tumfhoghlaim sa Ghaeltacht: Féidearthachtaí agus Dúshláin d’Ábhair Oidí. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/naph-e529
Abstract
San alt seo, tugtar faoi phlé a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus ar na dúshláin a bhaineann leis an tréimhse tumfhoghlama Gaeltachta ó thaobh na bhfoghlaimeoirí de. Tá sé i gceist plé faoi leith a dhéanamh ar na ceisteanna agus ar na dúshláin a bhaineann go sainiúil le tionchar féideartha na gcúrsaí seo ar inniúlachtaí teanga agus go háirithe ar inspreagadh ábhair oidí nó ar mhúinteoirí faoi oiliúint. Déantar plé ar chúlra smaointeoireachta na tréimhse tumfhoghlama agus féachtar ar chuid de na féidearthachtaí faoi leith a bhaineann léi ó thaobh forbairt feasachta idirchultúrtha agus inspreagtha de. Feictear gurb é an fhéidearthacht is mó a bhaineann le gearrthréimhse tumfhoghlama Gaeltachta ná go rachfaí i bhfeidhm ar mheon agus inspreagadh foghlaimeoirí i leith na teanga. Ag deireadh, déantar plé i bhfianaise na féidearthachta sin, ar cé chomh réadúil is a bhíonn ionchais fhoghlaimeoirí ag freastal ar ghearrthréimhse tumfhoghlama Gaeltachta.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE