Logainmneacha Chill Chainnigh Thiar agus Chluain Lonáin - Ainmneacha na mBailte Fearainn
Finnegan, Aengus
Finnegan, Aengus
Loading...
Repository DOI
Publication Date
2012-09-21
Type
Thesis
Downloads
Citation
Abstract
Achoimre Is í aidhm an tráchtais seo foirmeacha Gaeilge údarásacha chomh maith le fianaise stairiúil chuí d'ainmneacha 276 baile fearainn sna barúntachtaí Cill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin, Co. na hIarmhí a chur ar fáil. Líonfaidh an saothar seo bearna san eolas atá againn ar logainmneacha Chontae na hIarmhí ó foilsíodh The Placenames of Westmeath leis an Athair Paul Walsh i 1957, óir is tearc iad na tagairtí don dá bharúntacht thuasluaite sa leabhar sin. Socraíodh ainmneacha na mbailte fearainn in dhá chontae eile sa chomharsanacht, Co. Uíbh Fhailí agus Co. an Longfoirt, le blianta beaga anuas. D'fhonn foirmeacha Gaeilge údarásacha de na hainmneacha sa cheantar staidéir a dhéanamh amach baineadh na mílte foirmeacha stairiúla d'ainmneacha as na foinsí stairiúla ábharacha - is é sin na foinsí ar fad atá ábharach d'aon staidéar ar logainmneacha na hÉireann. Liostaítear na foirmeacha seo in ord croineolaíoch faoi gach aon ainm baile fearainn, chomh maith leis na tagairtí cuí. Déantar anailís teangeolaíochta ar struchtúir na logainmneacha agus ar chruth, ar chiall agus ar bhunús na n-eilimintí atá mar chomhábhar na n-ainmneacha ar fad. Téitear i muinín léarscáileanna, foinsí tánaisteacha agus faisnéiseoirí áitiúla chun comhthéacs na n-eilimintí seo a rianú sa tírdhreach, sa stair, sa teanga, agus i léann na logainmneacha mar atá sé ó aimsir Sheáin Uí Dhonnabháin i leith. Cuirfidh an tráchtas seo go mór leis an tuiscint atá ag scoláirí Gaeilge, staraithe, seandálaithe, tíreolaithe agus pobal an cheantair féin ar chultúr na Gaeilge i gcúil amháin de Chúige Laighean ar a ndéantar dearmad i leith chúrsaí Gaeilge de ghnáth. Tá fianaise i gcorp an tráchtais seo ar a bheo is bhí an Ghaeilge sa cheantar staidéir níos lú ná 200 bliain ó shin; ar an gcanúint Chonnachtach a labhraíodh ann; agus ar na hathruithe is na forbairtí móra a d'fhág a lorg ar thírdhreach cultúrtha na hÉireann: teacht na Críostaíochta agus lorg an mhanachais mheánaoisigh; an lonnaíocht mheánaoiseach - dún, ráth, lios; teacht na nAngla-Normannach lena gcuid caisleán, sloinnte, ainmneacha pearsanta agus aonad talaimh; an t-athrú creidimh, cogaí móra agus suirbhéireachtaí an 16ú/17ú haois; síothlú na Gaeilge san 18ú/19ú haois agus cinsealacht chríochnúil an Bhéarla - ach amháin sna logainmneacha ina maireann cuid bheag de shaíocht na teanga i gcónaí.
Publisher
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland