Publication

Eispéireas an ábhair oide ar B.Oid trí mheán na Gaeilge maidir le FCÁT a chur i bhfeidhm sna hamharcealaíona ar shocrúchán scoile

Nic an Bhreithiúnaigh, Ruth
Ó Brolcháin, Conchúr
Citation
Nic an Bhreithiúnaigh, Ruth, & Ó Brolcháin, Conchúr. (2023). Eispéireas an ábhair oide ar B.Oid trí Mheán na Gaeilge maidir le FCÁT a chur i bhfeidhm sna hAmharcealaíona ar Shocrúchán scoile. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/h8r5-zz92
Abstract
Tá bláth agus rath tagtha ar earnáil an tumoideachais in Éirinn agus an chuma ar an scéal go bhfuil éileamh seasta ar an nGaelscolaíocht go fóill (Ó Duibhir, 2018) agus tá dalta amháin as dáréag ag fáil a chuid oideachais i nGaeilge i bPoblacht na hÉireann de réir staitisticí na Roinne Oideachais agus Scileanna (Ó Ceallaigh & Ó Laoire, 2021). Mar sin féin, admhaítear go mbíonn deacrachtaí earcaíochta i suíomh an tumoideachais chun múinteoirí a fhostú ‘a bhfuil dóthain inniúlachta acu sa Ghaeilge le teagasc tríd an teanga’ (ROS, 2016: 24). Braitear chomh maith, gurb iad na múinteoirí féin an acmhainn is suntasaí chun ardcháilíocht oideachais a neartú agus chun foghlaim na ndaltaí a fheabhsú (An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE / OECD as Béarla), 2005). Tuigtear go mbíonn inniúlachtaí cuí agus tuiscintí doimhne de dhíth ó mhúinteoirí tumoideachais, inniúlachtaí nach mbíonn riachtanach do mhúineadh na chéad teanga (T1) (Baker, 2003; Cammarata & Tedick, 2012; Lyster, 2007; Ó Ceallaigh, 2013; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghda, 2017). Tugadh le fios, áfach, go mbíonn cláir oiliúna easnamhach do mhúinteoirí tumoideachais go hidirnáisiúnta (Cammarta & Tedick, 2012) agus tuairiscítear an rud céanna in Éirinn (Mac Donnacha et al., 2005; Ó Grádaigh, 2015). Chomh maith leis sin léirítear go mbíonn rath ar an oideachas dátheangach má bhíonn béim ar mhodheolaíochtaí don ábhar agus don teanga agus ar eolas oideolaíochta in oiliúint na múinteoirí (Dafouz et al., 2007; Coyle et al., 2010; Aguilar & Rodríguez, 2012; Fortanet-Gómez, 2012; Martín del Pozo 2015; Ní Dhiorbháin & Ní Bhaoill, 2018). Is sa bhearna sholáthair seo a cuireadh tús le céim Bhaitsiléara san Oideachas trí Ghaeilge (B.Oid. feasta) in 2019 chun oiliúint trí Ghaeilge a chur ar an gcéad ghlúin eile d’ábhair oidí (Ní Dhonnchadha, 2021; Ó Ceallaigh & Ní Dhonnabháin, 2015). Céim ceithre bliana atá sa B.Oid. ina gcaitear tréimhse trí seachtaine ag múineadh sa Ghaeltacht mar aon leis na socrúcháin scoile eile a dhéantar i nGaelscoileanna. Le socrúchán scoile, tugtar deis do na hábhair oidí réimse oideolaíochtaí a úsáid i nGaelscoileanna nó i scoileanna Gaeltachta. Déanann feitheoir breathnóireacht ar chuid de na ceachtanna seo ar mhaithe le breithmheas a dhéanamh agus moltaí a thabhairt agus tugtar grád don ábhar oide i réimse na pleanála agus an mhúinte. Déanfar iniúchadh san alt seo ar eispéireas agus meon cúigear ábhar oide ón mB.Oid. trí mheán na Gaeilge maidir leis an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT feasta) a chur i bhfeidhm sna hamharcealaíona ar cheann de na tréimhsí socrúcháin scoile thuasluaite. Is cur chuige oideolaíoch atá san FCÁT ina sealbhaíonn foghlaimeoirí an sprioctheanga trí dhul i ngleic le foghlaim an ábhair (Harris & Ó Duibhir, 2011; Coyle et al., 2010). Is oideolaíocht lárnach é FCÁT sa chóras tumoideachais ach tuairiscítear go minic, go mbíonn neamhaird ar phleanáil chórasach do riachtanais na teanga i dteagasc ábhair (Ó Ceallaigh, 2013; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017). Sa mhullach air sin, tugtar le fios sa litríocht go mbíonn cur i bhfeidhm FCÁT dúshlánach do mhúinteoirí láncháilithe araon (Lyster, 2011; Ó Ceallaigh, 2013; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ní Dhiorbháin & Ó Duibhir, 2017) gan trácht ar ábhair oidí i mbun céime san oideachas ag tabhairt faoin oideolaíocht chasta seo ar shocrúchán scoile. Díreofar san alt seo ar iarrachtaí na n-ábhar oidí agus iad ag iarraidh dul chun cinn sa sprioctheanga (an Ghaeilge sa chás seo) agus san ábhar (na hamharcealaíona sa chás seo) a chinntiú i measc foghlaimeoirí. Faigheann na hábhair oidí ar an gcúrsa B.Oid. ionchur maidir le modheolaíocht FCÁT (Coyle et al., 2010) agus coimeádtar dialann FCÁT chun teanga ábhartha na n-ábhar éagsúla a chlárú thar na ceithre bliana. Tá sé mar aidhm ag an taighde seo bearnaí atá i dtuiscint na mac léinn ar conas FCÁT rathúil a phleanáil agus a chur i bhfeidhm a aithint. Má bhailítear tuairimí na n-ábhar oidí ar a eispéireas le FCÁT, táthar ag súil go mbeidh tuiscint níos forbartha acu ar an tábhacht a bhaineann le teanga agus le hábhair a chomtháthú agus cabhróidh an t-eolas seo leis an gclár B.Oid. trí Mheán na Gaeilge cur le cumas na mac léinn amach anseo freastal ar FCÁT ar shochrúcháin scoile i suíomhanna lán-Ghaeilge. Tá súil ag na húdair léargas cuimsitheach a thabhairt ar staid reatha an FCÁT ar an mB.Oid chun an tseirbhís oiliúna d’ábhar oidí a thabhairt go barr feabhais agus múinteoirí cumasacha a sholáthar don earnáil tumoideachais in Éirinn.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE