Publication

Beirt fhílí a scríobh dánta caointe dá máthair

de Bléine, Padaí
Hanratty, Brian
Citation
de Bléine, Padaí, & Hanratty, Brian. (2023). Beirt fhílí a Scríobh Dánta Caointe dá Máthair. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/A5XV-Y976
Abstract
na shaothar ceannródaíoch, The English Elegy: Studies in the Genre from Spencer to Yeats (1985), maíonn Peter Sacks, ‘the traditional forms and figures of elegy relate to the experience of loss and the search for consolation.’ Is géire, áfach, an dúshlán eiseach ar an bhás, dar leis an charachtar Pozzo a chruthaíonn Beckett in Waiting For Godot (1986:83): They give birth astride of a grave, the light gleams an instant, then it’s night once more. Soláthraíonn an dá dhearcadh thuas comhthéacs don alt seo a chuireann dánta caointe le Cathal Ó Searcaigh agus le Seamus Heaney i gcuimhne ar a máithreacha i gcomparáid lena chéile. Is iad na dánta a ndíreofar orthu san alt seo ná ‘III’ agus ‘VI’ le Heaney as a shraith d’ocht ndán mholta The Haw Lantern a chéadfhoilsíodh in 1987, agus an dá dhán mholta ‘Na Pionnaí Gruaige’ in An tAm Marfach ina Mairimid (2010) agus ‘Caoineadh’ as An Bealach ’na Bhaile (1993) le Cathal Ó Searcaigh. Ba nós ciotainta é i measc na nGael an duine marbh a chaoineadh, dar le Ó Súilleabháin (1961: 101): ‘Is minic a mholtar an duine atá ar lár go hard agus léirítear a dhea-thréithe sa dán’. Cé go léirítear an moladh céanna sna dánta a scríobh Heaney agus Ó Searcaigh, tá difríochtaí eatarthu atá téamach agus teoiriciúil. Is soiléir go bhfuil dánta molta an bheirt fhilí tochtmhar agus coscrach, ach is é tuairim scríbhneoirí an ailt seo go léiríonn an dá dhán ‘III’ agus ‘VI’ as Clearances le Heaney go bhfuil coimhlint phearsanta iontu murab ionann is dánta Uí Shearcaigh. Tá dobrón frithráiteach ar Heaney a léiríonn teannas as broinn idir é féin agus a mháthair. Ar an láimh eile, tá Ó Searcaigh an-ghoilliúnach go fóill agus é ag moladh a mháthar go hard gan teannas ar bith le sonrú ina shaothar. Ar a bharr sin, ó thaobh dearcadh teoiriciúil de, tá difear suntasach idir an stíl teanga a úsáideann an bheirt fhilí ina gcuid filíochta. Is follasach in ‘Caoineadh’ agus tá sé intuigthe in ‘Na Pionnaí Gruaige’ go bhfuil bás mháthair Uí Shearcaigh ceangailte le creimeadh na Gaeilge, creimeadh a tharlaíonn gach uair a chailltear duine den tseanghlúin agus creimeadh ar cuireadh tús leis le polasaí an choilíneachais. Maidir le Heaney, áfach, tá an taobh pearsanta agus an taobh polaitiúil ceangailte le chéile, rud atá intuigthe ón ainm Clearances a thugann sé ar a shraith dánta, ainm corraitheach atá ceangailte le córas coilíneachais na Sasanach in Éirinn. Tá difríocht theoiriciúil eile idir an bheirt fhilí. Éiríonn le Heaney dánta a chumadh a léiríonn go haeistéitiúil an dóigh a n-athraíonn sé an dobrón atá air trí fhilíocht a chumadh a bhfuil brí uilíoch inti. Dar le Corcoron (1998: 157–8): In Clearances grief is transformed into a new kind of outwardly directed energy. Death is luminous as well as negative, a ‘bright nowhere’ in which a soul ‘ramifies’. The reality and idea of death becomes an entirely undesired but necessary enlargement of imaginative capacity.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE