Éabhlóid an Súil Eile: 20 Bliain de Bhrandáil TG4
Ní Bhriain, Carmel
Ní Bhriain, Carmel
Loading...
Repository DOI
Publication Date
2018
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
Ní Bhriain, Carmel. (2018). Éabhlóid an Súil Eile: 20 Bliain de Bhrandáil TG4. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/2cr4-vr12
Abstract
Pléann an páipéar seo an éabhlóid a tháinig ar straitéis bhrandála TG4 ó 1996 go 2016. Diomaite d’obair Lysaght (2009 & 2010) agus Ó Gairbhí (2017) is gné í an bhrandáil de stair agus d’fhorás TG4 nach bhfuil an oiread sin airde tugtha ag acadóirí agus ag taighdeoirí uirthi. Tá mórán taighde foilsithe, áfach, ar chleachtas na brandála go hidirnáisiúnta i dtimpeallacht na craoltóireachta teilifíse ag leithéidí: Chan-Olmsted & Yungwook (2001), Fanthome (2007), Gray (2010), Johnson (2007), Lloyd (2018) agus Seston (2012). Sa pháipéar seo, tarraingítear ar an taighde idirnáisiúnta sin chun anailís a dhéanamh ar bhrandáil an chraoltóra teilifíse Gaeilge. Baintear úsáid as figiúirí féachana mar aon le léirmheasanna sna meáin chlóite chun tionchar bhrandáil TG4 ar an lucht féachana a thomhas. Lena chois sin, baintear úsáid as taighde neamhspleách a cuireadh i gcrích le lucht bainistíochta an stáisiúin (Ó Ciardha (2010) agus Ó Coileáin (2017)) chun iniúchadh a dhéanamh ar an smaointeoireacht a bhí taobh thiar de ghnéithe éagsúla de bhrandáil an stáisiúin. Mar sin féin, ní cuntas forleathan é an páipéar seo ar bhrandáil TG4, ach tarraingíonn sé aird ar fhorbairtí tábhachtacha i dteilgean bhrandáil an stáisiúin ó thosaigh sé ag craoladh go dtí a cheiliúradh 20 bliain ar an aer. Trí anailís a dhéanamh ar bhrandáil an chraoltóra, feictear an múnlú agus an t-athmhúnlú a rinneadh ar íomhá TG4 agus é ag triail lucht féachana a mhealladh.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE