Publication

An Reiviú: Deich mbliana ag fás

Ní Uigín, Dorothy
Citation
Ní Uigín, Dorothy. (2022). An Reiviú: Deich mbliana ag fás. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/w4hb-yw52
Abstract
Cuireadh tús le cúrsa nua iarchéime in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa bhliain 2012 – an MA sa Léann Teanga. Bhí béim ar an aistriúchán, ar an bpleanáil teanga agus ar ardscileanna teanga ar chlár na céime, agus ar cheann de na modúil a bhain leis an MA nua bhí ‘An Scríbhneoireacht Acadúil’. Ar cheann de na príomhthorthaí foghlama a luadh leis an modúl sin, bhí ‘réim na scríbhneoireachta acadúla a láimhseáil go muiníneach’, agus leis an toradh sin a bhaint amach, beartaíodh go ndéanfadh mic léinn an MA eagarthóireacht ar iris phiarmheasúnaithe. Is as sin a tháinig An Reiviú, a foilsíodh den chéad uair ag tús na Bealtaine in 2013, agus is ar na réimsí léinn a leanas atá an bhéim san fhoilseachán ó shin: An tAistriúchán, an Phleanáil Teanga, an Teangeolaíocht, an tSochtheangeolaíocht, Teagasc Teangacha, Cúrsaí Cumarsáide agus Na Meáin Ghaeilge, an Cultúr Dúchais agus Cúrsaí Teicneolaíochta.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE