Publication

Forbairt Chóir Shroiste d’Fhoireann Cartlannaíochta an Acadaimh

Mac Lochlainn, Mícheál
Citation
Mac Lochlainn, Mícheál. (2018). Forbairt Chóir Shroiste d’Fhoireann Cartlannaíochta an Acadaimh. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/qtwa-kd28
Abstract
Tá roinnt bailiúchán cartlainne á gcoimeád, ina n‑iomláine nó i gcomhpháirt, ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge san ionad Gaeltachta atá aige i Roisín na Mainiach, Carna, Contae na Gaillimhe. Nithe fisiciúla is ea na taifid bhunaidh go léir agus tá taifeadtaí fuaime agus físeáin ina measc – ar fhuaimthéip, ar fhístéip is ar scannán. Tá cláir dhigitithe ar siúl san Ionad le roinnt mhaith blianta chun léirithe digiteacha de na taifid bhunaidh a réiteach agus, dá dtoradh, tá corraíocht is trí fichid míle máistirchóipeanna digiteacha ann um an dtaca seo. Tá taisclann curtha suas agam i gcomhair na cartlainne digití seo ar líonra inmheánach Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus struchtúr loighciúil uirthi a leanann struchtúir loighciúla na mbailiúchán éagsúil. Iarradh orm cóir shimplí, chosanta ar líne a fhorbairt, a thabharfadh sroicheadh saoráideach ar an gcartlann dhigiteach don fhoireann cartlannaíochta ach iad a bheith lonnaithe laistigh de líonra Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Níl aon bhaint ag an gcóir seo le foilseacháin phoiblí de chuid an Acadaimh ar nós Cartlanna Joe Éinniú (Cartlanna Joe Éinniú, 2010) nó Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (Ó Tuairisg, Ó Comhraí & Nic Dhonncha, 2017). Áis inmheánach don fhoireann cartlannaíochta amháin is ea í. D’oir dom feidhm ní ba leithne agus ní b’úsáidí a bheith ag an gcóir ná liostáil shimplí comhad nó liostáil nasc chucu. Dá réir sin, shocraíos go gcaithfeadh an chóir: Roinnteáin líonra a sholáthar, a thabharfadh sroicheadh cosanta, inscríofa ar an gcartlann dhigiteach don lucht digitithe taifead agus iontrála sonraí, d’fhonn iad a chur ar a gcumas í a riaradh i dtaiscéalaí comhad gach córas oibriúcháin comónta. Comhéadan gréasán-bhunaithe a sholáthar, a thabharfadh sroicheadh cosanta, inléite-amháin ar an gcartlann dhigiteach d’éinne a mbeadh dintiúirí cuí acu, d’fhonn iad a chur ar a gcumas í a dhearcadh i gcliaint ghréasáin chomónta. A bheith i gcumas cóipeanna éisteachta agus féachana a bhaint as na máistirchóipeanna uaithi féin, de réir chaighdeán reatha gréasáin um sheachadta ilmheán, agus a chur ar fáil sa chomhéadan gréasáin. Meiteashonraí de chuid na gcóipeanna éagsúla seo a aisghabháil agus a léiriú sa chomhéadan gréasáin. Athbhreithniú ar an bpróiseas forbartha seo, agus ar staid reatha na córach, is ea an páipéar seo.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE