Publication

Micheál Cíosóg agus an Ghaeilge i gCumann Lúthchleas Gael

Billings, Cathal
Citation
Billings, Cathal. (2017). Micheál Cíosóg agus an Ghaeilge i gCumann Lúthchleas Gael. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/5d6x-cb58
Abstract
Dhá chuid de thríonóid naofa Mhichíl Chíosóig a bhí i gceist leis an nGaeilge agus le cluichí dúchais na hÉireann: an tríú cuid den tríonóid seo ná stair na hÉireann (Ó Caithnia, 1982: 176). Bhí an cháil ar Chíosóg gurbh í an Ghaeilge a chleacht sé i gcónaí ina shaol poiblí (Ó Caithnia, 1982:119). Mhaígh Cíosóg féin go mbeadh an Ghaeilge ag teastáil ó aon iriseoir a bheadh ag iarraidh cuntas a thabhairt ar an iomáint i bPáirc an Fhionnuisce i dtús na 1880í ós í an Ghaeilge teanga na himeartha ar fad (Ó Caithnia, 1982: 118). Ba athbheochanóir teanga é a thacaigh le cúis na Gaeilge go dtí lá a bháis freisin agus thuill sé cáil mar gheall ar a dhíograisí a bhí sé maidir le labhairt na Gaeilge. Caithfear a aithint nárbh í an Ghaeilge a chleacht Cíosóg agus é i mbun ghnó Chumann Lúthchleas Gael (CLG), áfach; níor luadh an Ghaeilge ar chor ar bith i gcomhthéacs CLG nuair a bhí sé á bhunú in 1884. Bhí spéis an phobail sa pholaitíocht náisiúnach i rith na 1880í agus na 1890í luatha, rud a tháinig salach ar stádas na Gaeilge i CLG agus a chuaigh go mór i bhfeidhm ar reáchtáil ghnó an chumainn sna blianta tosaigh. Mar sin féin, bhí idéal Gaelach ag Micheál Cíosóg maidir leis an nGaeilge a bheith ina dlúthchuid den chumann spóirt agus den saol náisiúnta i gcoitinne. D’aithin Cíosóg gurbh í an Ghaeilge bunchloch na féiniúlachta Gaelaí. D’aithin sé íon-Ghaelachas a bheith go smior i gcluichí dúchais na hÉireann freisin. D’fhéach sé leis an teanga agus na cluichí a nascadh le chéile mar chuid de shaol iomlán Gaelach agus chothaigh sé an nasc seo ina chuid scríbhinní féin. Scrúdóidh an páipéar seo idéal Mhichíl Chíosóig maidir leis an nGaeilge a bheith ina cuid bhunúsach den fhéiniúlacht Ghaelach. Déanfar anailís ar scríbhinní Chíosóig a nochtann an t-idéal seo agus a ghaireann ar chomhoibriú níos fearr idir an dá thaobh den athbheochan Ghaelach, idir spórtúil agus teangeolaíoch. Tabharfar léargas ar thionchar na polaitíochta náisiúnaí sa chumann spóirt sna blianta i ndiaidh a bhunaithe, rud a tháinig salach ar fhís athbheochana Chíosóig. Breathnófar ansin ar deireadh ar theacht chun cinn Chonradh na Gaeilge agus idéal Chíosóig á chur i bhfeidhm sa dlúthcheangal a cothaíodh idir teanga agus cluichí i dtús an fichiú céad.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE