Loading...
Thumbnail Image
Publication

An Tairbhe agus na Dúshláin a bhaineann le CLIL a chur i bhfeidhm i mBunscoileanna Lán-Bhéarla

Seoighe, Fergus
Citation
Seoighe, Fergus. (2014). An Tairbhe agus na Dúshláin a bhaineann le CLIL a chur i bhfeidhm i mBunscoileanna Lán-Bhéarla. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/g8f0-qg59
Abstract
In 2012, ghlac dhá rang agus beirt oidí in dhá scoil T2 (scoileanna ina múintear trí mheán an Bhéarla) páirt i dtaighde a mhair thar thréimhse sé seachtaine. D'fhoghlaim 28 páiste i Rang a Trí i scoil uirbeach agus 23 páiste i Rang a Trí agus a Ceathair (comhrang measctha) i scoil tuaithe, a gceachtanna ealaíne trí mheán na Gaeilge, in ionad an Bhéarla, faoi mar ba ghnách dóibh. Tugtar CLIL ar an modh teagaisc seo: ‘Content and Language Integrated Learning (CLIL)’ nó Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga. I gcás CLIL, múintear ábhar eile an churaclaim trí theanga eile (teanga nach máthairtheanga an pháiste í), ionas go bhfoghlaimítear an t-ábhar trí mheán na sprioctheanga, ‘In short, CLIL is a dual-focused educational approach in which an additional language is used for the learning and teaching of both content and language’ (Mehisto et al., 2008: 9). Níor úsáid an bheirt oidí CLIL riamh roimhe seo agus bhí sé ina choincheap úrnua i measc na bpáistí chomh maith. Ar an ábhar sin, ba í an phríomhcheist a thug an taighde seo chun solais: cad é an tairbhe agus cad iad na dúshláin a bhaineann le CLIL a chur i bhfeidhm i mBunscoileanna T2 (bunscoileanna a mhúineann trí Bhéarla ach a mhúineann an Ghaeilge trí Ghaeilge), ó thaobh dhearcadh na bpáistí agus ó thaobh dhearcadh na múinteoirí de, mar aon le caighdeán foghlama na Gaeilge? Go sonrach, bhí roinnt ceisteanna tánaisteacha ag eascairt as: Cén dearcadh a bhí ag na múinteoirí maidir leis an tairbhe agus na dúshláin a bhaineann le CLIL nuair a chuirtear CLIL i bhfeidhm den chéad uair? Cén dearcadh a bhí ag na páistí i leith CLIL agus ar athraigh dearcadh na bpáistí i leith na Gaeilge agus i leith na healaíne, dá bharr? I dtuairim na múinteoirí agus i dtuairim na bpáistí, ar chuir CLIL isteach ar fhoghlaim na healaíne nó ar chabhraigh sé?
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY
Collections