Publication

Mic léinn san ardoideachas ag dul i ngleic le húrscéal Gaeilge: cás-staidéar ag amharc ar a spéis agus a ndúil ann

Mac Corraidh, Seán
Citation
Mac Corraidh, Seán. (2019). Mic léinn san ardoideachas ag dul i ngleic le húrscéal Gaeilge: cás-staidéar ag amharc ar a spéis agus a ndúil ann. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/h5yp-ft43
Abstract
Tionscadal sa taighde oideachasúil a bhí mar bhunús ag an tuairisc seo. Cuireadh an taighde i gcrích i gcomhthéacs an ardoideachais sa bhliain acadúil 2017-2018, ag úsáid chur chuige an chás-staidéir (Stake, R. (1995); Yin, R.K. (2003)) le caoinchead chohórt de shé mhac léinn is fiche sa dara bliain dá gcéim cheithre bliana. Baineadh úsáid as cur chuige léirmhínitheach sa taighde cáilíochtúil chun ciall a bhaint as a n-iompar agus iad ag léamh, ag plé agus ag fiosrú dhírbheathaisnéis Mhicí Mhic Gabhann, Rotha Mór an tSaoil (Mac Gabhann, 1996). Bunaíodh an leabhar ar chuntas ar na buaicphointí agus ar eachtraí eile i saol Mhicí Mhic Gabhann, a d’aithris sé do Sheán Ó hEochaidh agus a tras-scríobhadh lena fhoilsiú sa bhliain 1959 mar gheall ar spreagadh a thug Proinsias Ó Conluain. Sa tionscadal seo, bhíothas ag súil le barúlacha na mac léinn den scéal, maidir le leibhéal spéise, taitnimh agus sásaimh a fhiosrú agus iad ag dul i ngleic leis an úrscéal Gaeilge seo a bhfuil téama na himirce go láidir mar théama ann. Bailíodh sonraí trí na modhanna seo a leanas: breathnóireachtaí rannpháirteacha le linn léachtaí, comhráite ranga ar an leabhar, seisiúin ghrinnléitheoireachta ar shleachta as an leabhar (m.sh. ‘An Poitín’ (20-3); ‘Lá Fhéile Pádraig’ (194-200; ‘Laochra agus Scoláirí’ (226-29)) le linn ranganna teagaisc na mac léinn, agus machnamh iarléachta agus le linn léachta an léachtóra. Is iad na ceisteanna a bhí chun tosaigh in intinn an taighdeora ná bheith ag iarraidh a fháil amach an raibh an scéal suimiúil go leor agus soléite a dhóthain le haird na mac léinn a mhúscailt agus a choinneáil agus na gnéithe a aimsiú a rinne suimiúil é agus ar bhain siad taitneamh as bheith ag léamh faoi shaol fhear inste an scéil agus as a ríomh ar na heachtraí iontacha ann.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE