Publication

Léirmheas ar an scannán An Cailín Ciúin

de Bléine, Padaí
Loading...
Thumbnail Image
Repository DOI
Publication Date
2024
Type
journal article
Downloads
Citation
de Bléine, Padaí. (2024). Léirmheas ar an scannán An Cailín Ciúin. Léann Teanga: An Reiviú.
Abstract
‘Ní raibh de dhíth uirthi ach giota peataireachta’, a dúirt Eibhlín, an mháthair altrama, sa scannán An Cailín Ciúin agus í ag labhairt ar Cháit a bhí ag stopadh aici agus ag a fear Seán ar feadh míosa. Is iad Carrie Crowley agus Andrew Bennet a ghlac ról na dtuismitheoirí altrama agus tá moladh mór tuillte acu as an aisteoireacht shéimh nádúrtha. Tháinig an scannán amach sa bhliain 2022, ach tá an scéal féin suite sa bhliain 1981. Tá an scannán bunaithe ar an leabhar Foster (2010) le Claire Keegan agus is é Colm Bairéad a scríobh agus a stiúir. Dúirt Bairéad le Cathy Clarke in alt in The Guardian (2022) gur thit sé i ngrá leis an leabhar láithreach, agus go raibh sé ag sileadh na ndeor agus é á léamh. Bhí sé cinnte go mbeadh na cearta ag duine éigin eile le scannán a dhéanamh de ach, ar an dea-uair dósan, ní raibh. Cuireann Bairéad ábhar sa scannán nach bhfuil i scéal an bhunleabhair, saol Cháit sa bhaile, cuir i gcás, an claonadh atá inti an leaba a fhliuchadh agus an claonadh atá inti dul ar strae. Is í Cáit an príomhcharachtar agus is í Catherine Clinch a ghlac an ról sin. Is é seo an chéad ról a bhí aici agus fóireann a stíl aisteoireachta go hiontach maith don ról céanna. Go deimhin, ainmníodh an scannán do Ghradam Oscar don Scannán Idirnáisiúnta Lánfhada is Fearr.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivatives 4.0 International