Publication

Deiseanna Saibhrithe Teanga tríd an Sinéistéise idir Míreanna Cartlainne faoin gCeantar Áitiúil

Mac Uidhilin, Niall
Citation
Mac Uidhilin, Niall. (2017). Deiseanna Saibhrithe Teanga tríd an Sinéistéise idir Míreanna Cartlainne faoin gCeantar Áitiúil. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/wfdz-2s65
Abstract
Tá an córas oideachais ag druidim go mall i dtreo na tuisceana (ar deireadh) go bhfuil géarghá le hathrú ón mbonn aníos sa bhealach ina dtacaíonn sé le foghlaim sa seomra ranga. Tá an saol taobh amuigh den seomra ranga, idir an saol baile agus an saol oibre, bogtha ar aghaidh i bhfad ó shin i dtreo cleachtais chomhoibríocha atá bunaithe ar shamhlacha a bhreathnaíonn ar an bhfoghlaim agus ar an bhforbairt mar choincheapa sóisialta agus a bhaineann úsáid rialta as uirlisí digiteacha le dul chun cinn a bhaint amach. Maíonn an páipéar seo, atá bunaithe ar thaighde atá fréamhaithe sna samhlacha foghlama nuálacha seo agus a rinneadh in dhá scoil Ghaeltachta, go bhfuil na cuir chuige seo in ann deiseanna nua a chruthú do scoileanna Gaeltachta maidir le sealbhú agus saibhriú teanga. Ba í aidhm an taighde ná fiosrú cén chaoi a bhféadfaí idirghabhálacha oideolaíocha, atá fréamhaithe i ndearcadh na litearthachtaí nua, a dhearadh le foghlaimeoirí óga a spreagadh le ceangal domhain a dhéanamh le le hacmhainní teanga saibhre digiteacha i gceantair láidre[1] Gaeltachta. D’éirigh leis an taighde é seo a bhaint amach le tacaíocht ó theicneolaíochtaí a thrasnaíonn teorainneacha idir an scoil, an baile agus an pobal.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE