An nuachainteoir ina (h)aisteoir cruthaitheach i gceantair Ghaeltachta Chorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthaigh
Grant, Shane
Grant, Shane
Loading...
Publication Date
2025
Keywords
Type
journal article
Downloads
Citation
Grant, Shane. (2025). An nuachainteoir ina (h)aisteoir cruthaitheach i gceantair Ghaeltachta Chorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthaigh. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29636
Abstract
Feiniméan fadaitheanta é aos dána agus cruthaitheach a bheith ag tarraingt ar Chorca Dhuibhne, scríbhneoirí na Gaeilge, go speisialta. Ba ghnách le lucht, Innti imeacht siar go Corca Dhuibhne, áit a soláthraíodh ceárta anama agus teanga dóibh (Ó Dúshláine 2011, Ní Ghairbhí, 2011). Bhí nós ag scríbhneoirí tréimhse sealbhaithe teanga a chaitheamh sa Ghaeltacht ó thús na 20ú haoise ar aghaidh, a luaitear mar chineál ‘turasóireacht chultúrtha’ (Ní Ghairbhí, 2011: 70). Cothaíodh na mórfhilí Ní Dhomhnaill, Ó Ríordáin, Davitt agus Ó Muirthile go speisialta ag an bpobal ‘neamhphollta teanga’ tríd na ‘turasanna fionnachtana’ a thugadar siar go Corca Dhuibhne (Ní Ghairbhí, 2011: 70). Deir Nic Eoin (2005: 270) ‘gur freastalaíodh ar riachtanais iomlána an duine chomh maith lena riachtanais teanga’.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivatives 4.0 International