Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Impleachtaí do Ghaeltachtaí Mhaigh Eo
Ó Giollagáin, Conchúr
Ó Giollagáin, Conchúr
Loading...
Repository DOI
Publication Date
2013
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
Ó Giollagáin, Conchúr. (2013). Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Impleachtaí do Ghaeltachtaí Mhaigh Eo. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/51mt-xr39
Abstract
1. Réamhrá: Leagann an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT) béim ar leith ar an riachtanas straitéiseach a bhaineann le cineálacha éagsúla pobal teanga a shainiú mar chéim tosaigh riachtanach i bpróiseas na pleanála teanga sa Ghaeltacht.[2] Is chuige sin a roinneadh na ceantair éagsúla sa Ghaeltacht i gCatagóirí anailíse d’fhonn ceantair éagsúla feidhme a aithint ina gcuirfí straitéisí éagsúla teanga i bhfeidhm iontu. Pléitear sa pháipéar seo ceithre ghné de stádas oifigiúil na Gaeltachta mar a bhí is mar atá i gceantair éagsúla i gCo. Mhaigh Eo: Cúlra na sainmhínithe oifigiúla a rinneadh ar cheantair oifigiúla Ghaeltacht Cho. Mhaigh Eo; Léargas ar chineál na Gaeltachta a shonraigh an SCT sna limistéir seo agus ar na próifílí teanga a bhaineann leo i gcás Cho. Mhaigh Eo; Impleachtaí théagar/leochaileacht na Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo d’idirghabhálacha pleanála teanga a fhéachfaidh le dul i ngleic lena chinniúint teanga; Ceisteanna a mhúscailt faoi inmharthanacht na Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo faoi réir cúinsí reatha. Tá an plé seo ag eascairt as torthaí taighde reatha, i.e. an SCT 2007 agus as an gcur is an cúiteamh atá á dhéanamh faoi láthair faoina bhfuil i ndán don Ghaeltacht amach anseo. Iarracht atá san alt seo aird a dhíriú ar chuid de na ceisteanna is cinniúnaí do bhrí shoch-chultúrtha a thabhairt do choincheap na Gaeltachta i gcás na gceantar i gCo. Mhaigh Eo a bhfuil an stádas sin acu. Rinneadh dhá iarracht roimhe seo an Ghaeltacht a shainiú go limistéarach agus go teangeolaíoch ó aimsir Choimisiún na Gaeltachta (CG) 1926 i leith. Léirítear i dtograí taighde éagsúla ar an ábhar seo (Ó Riagáin 1997: 30 agus Hindley 1990: 45) go raibh an claonadh le sonrú ar iarrachtaí an Stáit sa réimse seo boilsciú a dhéanamh ar líon na gcainteoirí Gaeilge i gcás na Fíor-Ghaeltachta agus na Breac-Ghaeltachta (féach Ó Giollagáin 2009). Ba é cumas sa Ghaeilge seachas úsáid na Gaeilge i measc an phobail ba bhonn leis na sainithe seo, dar ndóigh (Ó Riagáin 1997: 51 agus CG 1926: 6). Chuir bunú Roinn na Gaeltachta agus dréachtú a teorainn feidhme i 1956 deireadh leis an idirdhealú stáit idir ceantair Fhíor-Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta. Laghdaíodh ar limistéir fheidhme na Gaeltachta de bharr na leasuithe stáit i 1956, ach chuimsigh limistéar feidhme na Roinne nuabhunaithe cineálacha éagsúla ceantar teangeolaíoch, .i. díréir idir an limistéir a sainíodh agus an pobal teanga a raibh an ceantar feidhme ag freastal air: Ceantair a raibh an seachadadh teanga idirghlúineach réasúnta slán iontu; Ceantair a raibh comharthaí sóirt an aistrithe teanga le haithint orthu; Ceantair a raibh an t-aistriú teanga, nach mór, curtha i gcrích iontu seachas i nósmhaireacht na seanghlúine; Bailte a raibh an t-aistriú teanga curtha i gcrích le glúnta roimhe sin iontu (féach Ó Giollagáin 2009). Níor ceadaíodh aon mheicníocht straitéise le dul i ngleic le castacht na hilghnéitheachta seo; cineál amháin stádais Ghaeltachta a bronnadh ar cheantar beag beann ar théagar agus dlús sóisialta na gcainteoirí sa limistéar. Sonraíodh sainiú teangeolaíoch, mar sin féin, a bhí beagáinín débhríoch ó thaobh na tíreolaíochta de, i bhforálacha an Achta Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, .i. Acht bunaithe na Roinne: ‘… límistéirí ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus límistéirí ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad d'áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhaint agus a leathnú mar ghnáth-urlabhra.’ Tá sainiú na Gaeltachta mar a shonraítear é in Acht na Gaeltachta 2012 débhríoch ó thaobh na teangeolaíochta agus na tíreolaíochta de. Is cosúil go bhfuil sainiú na Gaeltachta i limistéir ar leith ag brath ar acmhainn an phobail plean teanga chun sástachta an Údaráis a réiteach: ‘Déanfaidh Údarás na Gaeltachta, i ndáil le limistéar is ábhar d’fhógra faoi fho-alt (3), eagraíocht a roghnú a rinne iarratas faoi fho-alt (4) agus arb í, i dtuairim Údarás na Gaeltachta, an eagraíocht is cumasaí chun plean a ullmhú arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála an limistéir lena mbaineann (dá ngairtear “plean Gaeilge” san alt seo) agus an céanna a spreagadh, de réir critéar pleanála teanga forordaithe, agus nuair a bheidh déanta amhlaidh aige, cuirfidh sé an roghnú in iúl don eagraíocht sin i scríbhinn’ (2.7(6)).
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE