Drámaíocht ó dhúchas? Stáitsiú na nealaíon béil san fhichiú haois
Ní Mhuircheartaigh, Éadaoin
Ní Mhuircheartaigh, Éadaoin
Loading...
Repository DOI
Publication Date
2013-06-04
Type
Thesis
Downloads
Citation
Abstract
Déantar iniúchadh sa tráchtas seo ar chur i láthair na n-ealaíon béil san fhichiú haois. Dhá ardán atá i gceist nuair a thagraítear do 'stáitsiú na n-ealaíon béil' sa teideal, mar atá, stáitse na gcomórtas agus stáitse na hamharclainne. Breathnaítear ar chúlra, ar fhorás agus ar chothú na n-ealaíon béil mar thaispeántais agus ar na heagraíochtaí ba mhó a d'fhéach leis an agallamh a fhorbairt sa chéad seo caite. Dírítear go príomha ar an agallamh beirte mar shainfhoirm ealaíne agus ar phríomhthéamaí agus tréithe na n-agallamh. Ó aimsir na hAthbheochana i leith, rinneadh ceangal idir an t-agallamh agus ealaín na drámaíochta agus is minic a pléadh na hagallaimh faoin téarma ginearálta 'drámaíocht dhúchasach.' D'fhéach drámadóirí áirithe le forbairt a dhéanamh ar an aighneas fileata agus gnéithe de a shní isteach i ndrámaí amharclainne. Anáil na n-agallamh agus ealaín na béalaireachta go ginearálta ar dhrámaí stáitse atá mar dhara snáithe an tráchtais. Déantar iniúchadh ar shaothar scríbhneoirí áirithe a bhain úsáid as eilimintí de thraidisiún an allagair ina ndrámaí stáitse. Déantar staidéar ar thionchar an agallaimh ar dhrámaí Alice Milligan, Lady Gregory, J.M. Synge, Tadhg Ó Conchubhair, Johnny Chóil Mhaidhc agus Micheál Ó Tuairisg. D'fhonn léargas breise a thabhairt ar idé-eolaíocht na drámaíochta 'dúchasaí' i dtréimhsí éagsúla, breathnaítear ar ealaíona béil eile a pléadh sna téarmaí céanna agus a cuireadh in oiriúint d'ardán na hamharclainne.
Funder
Publisher
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland