Publication

Stór Amhrán Mhichíl Bhreathnaigh

Ní Fhlatharta, Caroline
Citation
Ní Fhlatharta, Caroline. (2019). Stór Amhrán Mhichíl Bhreathnaigh. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/w0hv-tc98
Abstract
Tá clú agus cáil ar cheantar Chonamara de bharr go maireann fós beo ann traidisiún ársa na filíochta béil, atá fréamhaithe sa seansaol Gaelach. Bhí an easpa litearthachta ina bac ar phobal na hÉireann go dtí tús na 20ú haoise féin, agus ní raibh mórán ábhar Gaeilge, a bhain le gnáthshaol na ndaoine, á fhoilsiú sna hirisí náisiúnta (Nic Pháidín, 1987: 69). Tá muid go mór faoi chomaoin ag filí pobail na linne, a bhain leas as meán an fhocail le cur síos a dhéanamh ar chúrsaí an tsaoil ina gcuid amhrán agus ina gcuid filíochta. Pléadh téamaí an ghrá, na himirce, agus na polaitíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta ina gcuid saothar. Díreofar sa saothar seo ar stór amhrán Mhichíl Bhreathnaigh, as Gleann Mhac Muirinn i gceartlár Chonamara, fear a bhfuil meas agus urraim air mar scéalaí agus mar sheanchaí, a bhuíochas don staidéar a rinne an scríbhneoir Pádraic Breathnach ar a chuid scéalta Fiannaíochta agus Rúraíochta (Breathnach, 2007), agus don bhailiúchán seanchais a thóg an bailitheoir béaloidis Proinnsias de Búrca uaidh don Choimisiún um Béaloideas Éireann ó thús na seascaidí ar aghaidh. Níl aon dianstaidéar déanta ar na hamhráin a chum sé, áfach, ar a n-áirítear 11 amhrán Ghaeilge agus seacht n-amhrán Bhéarla, cé gur léir ón leagan amach i gcás amhrán nó dhó go bhféadfadh véarsaí a bheith ar lár. Ní hé go bhfuil na hamhráin seo fós beo sa bpobal ná go mbíonn siad á rá ag daoine eile – bhíothas ag brath go hiomlán ar chartlann fuaime RTÉ, Raidió na Gaeltachta, agus ar chorr thaifead a d’éirigh lena chlann a chaomhnú ar chaiséid le breis agus 30 bliain. San alt seo tá sé i gceist scagadh agus cíoradh a dhéanamh ar an stór amhrán seo, d’fhonn léiriú gur scáthán iad ar shaol na linne, agus ar an gcomhthionól fuinniúil fuinte as ar fáisceadh Micheál Breathnach. Téitear i ngleic le réimse leathan ábhar a bhaineann go hiomlán leis an bpobal, fearacht an phoitín, scéimeanna Rialtais, muintir an cheantair agus go deimhin an ceantar féin sa bhailiúchán. Léireofar leis, gur bheag idir é agus filí pobail eile an cheantair lena linn: Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, Filí Bhaile na mBroghach agus Colm de Bhailís, mar shampla, i gcomhthéacs na dtéamaí agus na modhanna reacaireachta a shaothraigh siad araon. Ní bheifear ag déanamh anailíse anseo ar fheabhas an tsaothair mar litríocht, mar go bhfuil sé sin lasmuigh de scóp na haiste seo, ach ba mhaith an mhaise díriú ar a leithéid amach anseo go cinnte.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE