Ag Spreagadh an Athshondais Teanga i measc Gasúr Bunscoile i gCeantair láidre Ghaeltachta
Mac Uidhilin, Niall
Mac Uidhilin, Niall
Loading...
Repository DOI
Publication Date
2015
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
Mac Uidhilin, Niall. (2015). Ag Spreagadh an Athshondais Teanga i measc Gasúr Bunscoile i gCeantair láidre Ghaeltachta. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/3tya-1p68
Abstract
Léiríonn an taighde is deireanaí go bhfuil aistriú na Gaeilge ó ghlúin go glúin ag dul i léig de réir mar a athraíonn nósmhaireachtaí teanga sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé seo ag tarlú anois fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre, ceantair Chatagóir A (Mac Donnacha et al., 2005; Ó Giollagáin et al., 2007; Péterváry et al., 2014). Bíonn saothar Fishman lárnach in aon phlé faoin gcaoi is fearr le dul i ngleic le géarchéim mar seo. Is é Fishman a d’fhorbair an Scála Grádaithe um Briseadh Idirghlúine (GIDS), scála ocht gcéim le measúnú a dhéanamh ar staid mhionteanga (Fishman, 1991). D’aithin sé Céim 6 ar an scála (a bhaineann le seachadadh teanga ó ghlúin go glúin) mar an sprioc is tábhachtaí den aisiompú teanga: The home-family-neighborhood-community complex is the normal 'whole' of childhood life and of intergenerational mother tongue transmission. Accordingly, it must remain at the center of RLS-efforts no matter what are the stages that necessarily come thereafter (1991: 95). Maíonn sé freisin go gcuirtear go leor ama agus airgid amú ar iarrachtaí aisiompaithe teanga i réimse an oideachais de bharr nach ndírítear dóthain airde ar na naisc idir an scoil, an teaghlach agus an pobal a threisiú: The road to societal death is paved by language activity that is not focused on intergenerational continuity, i.e. that is diverted into efforts that do not involve and influence the socialization behaviours of families of child-bearing age (1991: 91). Sa pháipéar seo, déantar cur síos ar thaighde dearadh-bhunaithe (TDB) a rinne an taighdeoir i rith na scoilbhliana 2013-2014 in dhá bhunscoil atá lonnaithe i gCatagóir A de Ghaeltacht Chonamara. Bhí tuairimí Fishman agus údar eile mar é ina dtionchar mór ar dhearadh an taighde. Taighde praiticiúil agus comhoibríoch a bhí ann, áit ar dhear an taighdeoir idirghabháil oideachais agus teicneolaíochta i gcomhar le múinteoirí agus gasúir na scoileanna. Ba í sprioc na hidirghabhála ná na gasúir a spreagadh le déantáin ilmhódacha dhigiteacha a chruthú bunaithe ar acmhainní saibhre teanga ar nós chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus acmhainní a thóg na gasúir isteach iad féin le haghaidh digitithe. Bhí súil ag an údar go bhféadfadh an taighde tionchar dearfach a bheith aige ar thaithí foghlama na ngasúr seo, gasúir atá ag fás aníos i gceantair leochaileacha i gcomhthéacs a stádas mar cheantair ina bhfuil an Ghaeilge fós mar phríomhtheanga labhartha i measc an phobail.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE