Publication

Cás-staidéar sa bhainistíocht teanga i mBaile Seirbhíse Gaeltachta: Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

Rowland, Hugh
Ní Uigín, Dorothy
Callinan, Luke
Citation
Rowland, Hugh, Ní Uigín, Dorothy, & Callinan, Luke. (2022). Cás-staidéar sa bhainistíocht teanga i mBaile Seirbhíse Gaeltachta: Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/1znb-ze51
Abstract
In imeacht na ndeich mbliana ó achtaíodh Acht na Gaeltachta, 2012, is iomaí alt taighde a foilsíodh ina bpléitear an reachtaíocht sin agus ina ndéantar léirmheas, idir mhaith agus olc, uirthi (Ó Giollagáin, 2014; Ó Giollagáin & Péterváry, 2016; Walsh, 2019a, 2019b, 2021; Ó Ceallaigh, 2021, 2022). Is é an snáithe coitianta leanúnach a fhitear trí na haistí sin ar fad ná go bhfuil an stát ag cúlú ó aon ról lárnach a bheith aige i bpróiseas na pleanála teanga ag leibhéal an phobail. Agus an stát ag teacht faoi anáil an nualiobrálachais, áitítear go bhfuil príobháidiú á dhéanamh ar an bhfearann poiblí agus ar an mbeartas poiblí araon, rud a fhágann go bhfuil gníomhartha praiticiúla na pleanála teanga á bhfágáil faoi choistí deonacha pobail (Ó Giollagáin & Péterváry, 2016; Ó Ceallaigh, 2021, 2022; Walsh, 2021).
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE