‘Rinncí gallda’ agus ‘Spiorad na Gaedhilge’: Teanga, Gaelachas agus Éireannachas in An tUltach
Loading...
Publication Date
2025
Type
journal article
Downloads
Citation
Long, Duane. (2025). ‘Rinncí gallda’ agus ‘Spiorad na Gaedhilge’: Teanga, Gaelachas agus Éireannachas in An tUltach. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/29635
Abstract
Tá suim nua á cur sa tsagart Caitliceach, an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh (1883–1941) le cúpla bliain anuas agus céad bliain ann anuraidh ó bhunaigh sé an iris An tUltach, é féin ina eagarthóir. Tá a phortráid le feiceáil ar chlúdach an eagráin speisialta de An tUltach a eisíodh anuraidh (Comer & Mac Dhaibhéid, 2024) chun comóradh a dhéanamh ar an chéad sin. Tá alt a bhfuil a ainm féin mar theideal air san iris chéanna (Ó Máirtín, 2024) agus alt eile a phléann le cion bhaill eile a theaghlaigh i saol na Gaeilge (Mac Labhraí, 2024). Foilsíodh alt faoi Ó Muireadhaigh ar Irish Heritage News (Ó Longáin, 2024) agus pléadh bunú An tUltach mar ghníomh frithchóilíneach in nuachtlitir Postcolonial Studies Association (Long, 2024a). Scríobhadh go leor mar gheall air roimhe sin agus tá beathaisnéis le léamh ar Díolaim Beathaisnéisí na hÉireann (Quinn, 2013) agus ar ainm.ie (Breathnach & Ní Mhurchú, g.d.).
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivatives 4.0 International