Publication

Staidéar samplach ar fheidhm an logainm i nualitríocht na Gaeilge

Mac Corraidh, Seán
Loading...
Thumbnail Image
Repository DOI
Publication Date
2024
Keywords
Type
journal article
Downloads
Citation
Mac Corraidh, Seán. (2024). Staidéar samplach ar fheidhm an logainm i nualitríocht na Gaeilge. Léann Teanga: An Reiviú.
Abstract
Is sa Ghaeilge atá a bhfréamhacha agus a mbunús ag an chuid is mó de na hainmneacha atá againn sa tír seo ar áiteanna, ar lonnaíochtaí, ar áitribh chónaithe agus ar ghnéithe den tírdhreach agus den mhuirdhreach, ó thaobh na tíreolaíochta agus na seandálaíochta de. Ar na logainmneacha sin, áirítear, i measc mórán eile, cnoic, clocha agus carraigeacha, gleannta agus machairí, oileáin agus insí mara agus locha, tógálacha cosanta, lárionaid Phágántachta agus suíomhanna eaglasta Críostaí (Flanagan, 1975: 1–6; Hughes, 1991: 116–37). Ina n-ainneoin seo uile go léir: creachadóireacht, scrios agus trádáil na Lochlannach, ionradh agus concas na Normannach, concais na dTúdarach agus díshealbhú tailte fairsinge a bhí i seilbh Gael le linn plandálacha suntasacha a thionscain an rialtas sa 16ú céad agus sa 17ú céad (Ó Mainnín, 2017), maireann bunbhrí na n-eilimintí Gaeilge seo, chomh maith lena leaganacha Béarlaithe amhail sliabh mar atá san ainm Sliabh Mis (Slemish, Contae Aontroma); cnoc: Cnoc na gCoiníní (Knocknagoney, Contae an Dúin); gleann: Gleann an Iolair (Glenullen, Contae Dhoire); dún: Dún na nGall (Donegal, Contae Dhún na nGall); cill: An tSeanchill (Shankill, Contae Aontroma), etc.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivatives 4.0 International