Publication

Ranganna oíche ríomhaireachta don phobal: Foghlaim ar feadh an tSaoil d’aosaigh na Gaeltachta

Ó Flatharta, Michael Bharry
Citation
Ó Flatharta, Michael Bharry. (2018). Ranganna oíche ríomhaireachta don phobal: Foghlaim ar feadh an tSaoil d’aosaigh na Gaeltachta. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/vm1j-c154
Abstract
Tá dualgas ar ollscoileanna seirbhísí a chur ar fáil a bhfuil tionchar dearfach acu ar shaol na ndaoine. Le tríocha bliain tá údar an ailt seo ag cur ranganna oíche ríomhaireachta ar fáil ar fud Chonamara. I dtús aimsire ní raibh aon teastasú ná cáilíochtaí acadúla bronnta ar rannpháirtithe na ranganna oíche seo, ach le himeacht aimsire bronnadh an European Computer Driving License (ECDL) agus Microsoft Office Specialist (MOS) orthu. Ó 2010 ar aghaidh is mó daoine den aoisghrúpa 50+ atá ag clárú do na ranganna ríomhaireachta seo. San aimsir a caitheadh ba é an sainmhíniú a bhíodh ar dhaoine aosta ná ‘any age after 50’ (WHO, 2011). Theastaigh ón údar a chruthú go raibh tionchar dearfach ag na ranganna ríomhaireachta ar shaol na n-aosach sa phobal, gur chuidigh sé leo a bheith gníomhach sa phobal agus gur thug sé deis dóibh cur lena bhfoghlaim ar feadh a saoil. Chomh maith leis sin, ba mhaith leis an údar a chruthú go raibh an fhoghlaim sheachfhoirmiúil a chuir na ranganna oíche ríomhaireachta seo ar fáil chomh tábhachtach agus chomh luachmhar leis an bhfoghlaim fhoirmeálta a chuir an Ollscoil ar fáil go traidisiúnta. Aithnítear in Acht na nOllscoileanna 1997 an ról atá ann do na hollscoileanna foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn trí oideachas leanúnach a sholáthar d’aosaigh in abhantrach na hollscoile. San alt seo, déanfar an cheist a leanas a chíoradh: cén fáth a mbíonn suim ag daoine atá os cionn 50 bliain d’aois ranganna oíche ríomhaireachta a dhéanamh le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua? Tabharfar sainmhíniú ar an bhfoghlaim fhoirmeálta, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta le léiriú nach gá go mbeadh creidiúintí acadúla nasctha leis an bhfoghlaim seo.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE