Publication

Seosamh Ó hÉanaí agus Cearbhall Ó Dálaigh: cleasa an chrosáin san Oileán Úr

Ó Laoire, Lillis
Blankenhorn, Virginia S.
Williams, Sean
Citation
Ó Laoire, L, Blankenhorn, V, Williams, S. (2011) ' Seosamh Ó hÉanaí agus Cearbhall Ó Dálaigh: Cleasa an Chrosáin san Oileán Úr'. New Hibernia Review, Summer, :80-101.
Abstract
Bhí Seosamh Ó hÉanaí (1919-1984) ar an amhránaí sean-nóis ba mhó le rá san fhichiú haois. Rugadh é ar an Aird Thoir, nó Aird a’ Chaisleáin, i bparóiste Charna. Bhí ainm na háite seo in airde mar cheantar a raibh saibhreas ar leith de chultúr béil na Gaeilge ar marthain ann.2 Le linn do Sheosamh a bheith ag éirí aníos, tháinig sé féin agus a mhuintir go láidir faoi thionchar fhealsúnacht an náisiúnachais chultúrtha mar a chuir Conradh na Gaeilge ar aghaidh é. Bhí a dheartháir Seán ag bailiú ábhair béaloidis óna n-athair Pádhraic Ó hÉighnigh, go luath sna tríochaidí agus is cuid de Chnuasach Béaloidis Éireann é an lámhscríbhinn sin.3 Bhuaigh Seosamh duaiseanna as a chuid scéalaíochta agus foilsíodh a ainm i measc duaiseoirí eile ar an pháipéar radaiceach An t-Éireannach.4 Dá barr sin ní haon aibhéíl a rá go raibh tionchar láidir ag an chreideamh in Athbheochan na Gaeilge ar Sheosamh Ó hÉanaí. Rinne an ghluaiseacht náisiúnta siombail dá phobal, muintir na Gaeltachta, den rud a b’fhíre agus a b’fhearr agus ba bharántúla a bhí ar fáil in Éirinn. Próiseas fada a bhí anseo a chuaigh siar go dtí tús an naoú haois déag ar a laghad.
Funder
Publisher
New Hibernia Review, University of St. Thomas
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland