Publication

Tionchar Choinbhéirseacht na Meán ar an Iriseoireacht Chraolta sa Ghaeilge

Ní Dhúill, Eilís
Citation
Ní Dhúill, Eilís. (2016). Tionchar Choinbhéirseacht na Meán ar an Iriseoireacht Chraolta sa Ghaeilge. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/zc7x-jk74
Abstract
Tá an teorainn idir meáin chumarsáide thraidisiúnta agus meáin nua-aimseartha níos doiléire sa lá atá inniu ann ná riamh. De thairbhe fhorbairtí teicneolaíochta agus cúlú eacnamaíochta go hidirnáisiúnta, tá tús áite á thabhairt do phróisis choinbhéirseachta. Feictear comhnascadh, comhoibriú agus teacht le chéile idir meáin éagsúla agus idir baill foirne meán éagsúil. Tá tionchar láidir ag an gcoinbhéirseacht seo ar ról agus ar shruth oibre laethúil an iriseora ghairmiúil. Ar na saolta seo, den chuid is mó, is duine iloilte a sholáthraíonn seirbhís le haghaidh réimse feasachán, réimse eagraíochtaí agus réimse meán é an t-iriseoir craolta. Ní léir go fóill, áfach, na himpleachtaí ar fad a bheidh ag próisis na coinbhéirseachta ar obair an iriseora, ná go deimhin, ar thodhchaí na hiriseoireachta. Breathnaítear san alt seo ar impleachtaí choinbhéirseacht na meán do shruth oibre laethúil agus do dhualgais an iriseora chraolta Ghaeilge. Glactar Nuacht Gaeilge RTÉ/TG4 mar chás-staidéar.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE