Publication

Saintréithe an Luath-oideachais Ghaeltachta: Léargais Úra ó Chás-staidéar i nGaeltacht Chonamara

Ó Brolcháin, Conchúr
Citation
Ó Brolcháin, Conchúr. (2016). Saintréithe an Luath-oideachais Ghaeltachta: Léargais Úra ó Chás-staidéar i nGaeltacht Chonamara. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/n7zq-sr36
Abstract
Déanfar anailís chriticiúil san alt seo, ar an múnla luath-oideachais dhátheangaigh atá i bhfeidhm i mbunscoil amháin i nGaeltacht Chonamara (Catagóir A). Breathnófar ar athróga éagsúla dá múnla oideachais lena n-áirítear: cothú an tsainspioraid Ghaeilge sa scoil, cur chuige agus idé-eolaíochtaí teagaisc na múinteoirí, straitéisí saibhriúcháin don dalta T1 agus an fhoghlaim idirdhealaitheach do dhaltaí T1 agus T2. Gné lárnach de mhodheolaíocht an taighde, inar deineadh cás-staidéar feiniméaneolaíochta, ab ea breathnóireacht struchtúrtha ar mhúinteoirí naíonán i mbun teagaisc, anailís ar dhoiciméid agus ar agallaimh neamhstruchtúrtha ar fhoireann na scoile. Sa chaoi sin tá na torthaí taighde bunaithe ar ghníomhaíochtaí na rannpháirtithe seachas ar a dtuairisc féin ar na gníomhaíochtaí sin. Nochtfar samplaí den teagasc ceannródaíoch san alt lena n-áirítear ceachtanna saibhriúcháin do dhaltaí T1, grúpáil idirdhealaithe ag trí leibhéal cumais agus tréimhse tumoideachais ina gcuirtear múineadh na mórtheanga siar go dtí Rang 1. Sonraítear go mbraitheann na dea-chleachtais oideolaíochta seo ar thiomantas an phríomhoide agus ar shainchleachtais an mhúinteora ranga, seachas ar mhúnla aontaithe oifigiúil an chórais. Cuirfear moltaí dea-chleachtais os comhair an léitheora ar deireadh, mar threoir do bhunscoileanna Gaeltachta atá i mbun plean teanga a dhréachtú.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE