Léargas ar chleachtas scéalaíochta phobal traidisiúnta Gaeilge Chorca Dhuibhne mar a nochtar i scannáin fhaisnéise Ghaeilge chomhaimseartha é
Ní Dhúill, Eilís
Ní Dhúill, Eilís
Loading...
Publication Date
2016-12-22
Type
Thesis
Downloads
Citation
Abstract
ACHOIMRE Léargas ar chleachtas scéalaíochta phobal traidisiúnta Gaeilge Chorca Dhuibhne mar a nochtar i scannáin fhaisnéise Ghaeilge chomhaimseartha é. Is éard atá sa tráchtas PhD seo ná mionléiriú ar an léargas ar scannán a thugann pobal traidisiúnta Gaeilge Chorca Dhuibhne (pobal CD) ar a gcleachtas scéalaíochta. Déantar mionléiriú ar rogha mheáite scannán faisnéise teilifíse le beirt scannánóirí as Gaeltacht Chorca Dhuibhne. Dírítear go sonrach ar an scannán faisnéise Deireadh an Áil (TG4 2012 [RTÉ 1996)) le Breandán Feiritéar agus ar an tsraith fhaisnéise Bibeanna (TG4 2007) le Brenda Ní Shúilleabháin. Trí mhionléiriú a thabhairt ar chur chuige na beirte scannánóirí, agus ar insintí na n-oidí a roghnaíonn siad chun cuidiú leo a scéalta a insint, tugtar léargas úr ar chastachtaí chleachtas scéalaíochta phobal CD agus ar fheidhmeanna an chleachtais sin do sciartha éagsúla den phobal. Déantar mionanailís ar na scannáin i gcomhthéacs na staire sóisialta, cultúrtha agus polaitiúla a léiríonn Gaeltacht Chorca Dhuibhne agus a phobal go traidisiúnta mar mhúnla barántúil glan d’Éirinn. Cé gur leis an tréimhse ama ó 1996 i leith a bhaineann na saothair scannánaíochta, téann insintí na n-oidí siar go dtí tús an fhichiú haois. I bhfianaise thaighde Lillis Uí Laoire (2002) ar an amhránaíocht mar chuid dhílis de shaol agus de chleachtas cultúrtha phobal Thoraí, baintear leas as an bhfeiniméaneolaíocht heirméineótach mar fhealsúnacht agus mar mhodheolaíocht sa saothar seo. Déantar anailís chriticiúil ar na scannáin mar théacsanna cultúrtha comhaimseartha a eascraíonn as saol sóisialta laethúil phobal CD. Chun cuidiú liom na gnéithe éagsúla de na scannáin a nochtadh, tarraingím ar léargais Bordwell agus Thompson (2008) ar fhoirm scannáin. Ansin, chun léargas chomh hiomlán agus is féidir a fháil ar chleachtas scéalaíochta phobal CD, tugaim tuairisc dhlúth (Geertz, 1973), ar chur chuige na scannánóirí agus ar insintí na n-oidí. D’fhonn brí a bhaint as na léargais a nochtar, baintear úsáid as teoiricí Ricoeur (1981, 1984), go sonrach as coincheap na miméise. Ceann de na mórphointí a tháinig chun suntais sa staidéar ná gur cleachtas é an scéalaíocht a bhaineann daoine leas as chun dul i ngleic le dúshláin an tsaoil agus chun tuiscint a fháil ar an taithí sin. Nochtar freisin go bhfuil mar a bheadh dhá thraidisiún scéalaíochta i gCorca Dhuibhne, traidisiún poiblí agus traidisiún príobháideach agus go bhfuil feidhmeanna éagsúla ag an dá shnáth seo den traidisiún. Déantar mionléiriú sa tráchtas seo ar an léargas a nochtar ar an meán comhaimseartha par excellence, an teilifís, ar an dá shnáth seo de chleachtas scéalaíochta phobal CD.
Publisher
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland