Publication

Teagasc theoiric agus litríocht na haiteachta sa Ghaeilge: dúshláin, débhrí, agus deiseanna

Mac Risteaird, Seán
Citation
Mac Risteaird, Seán. (2022). Teagasc theoiric agus litríocht na haiteachta sa Ghaeilge: dúshláin, débhrí, agus deiseanna. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/efne-e247
Abstract
Bhí a dhá lámh scartha amach aige le mé a ghrabáil: boladh trom óil uaidh. Theann sé isteach liom. É i ngreim ioman láithreach. Mé beagnach gan anáil. Mé ar tí titim siar ar chúl mo chinn… Chuir mé mo dhá shúil trína shúile mar a chuirfí meanaí géara seaca… mé ag sú boladh an óil níos láidre de réir mar a bhrúigh sé isteach liom. D’ardaigh mo ghlúin… go ciotach. (Ó Conghaile 1997: 109) Radharc éignithe idir beirt fhear a chuirtear os comhair an léitheora in ‘Gabhal na gCloch’ gearrscéal de chuid Mhichíll Uí Chonghaile. Mar is dual don scríbhneoir, tógtar teannas agus atmaisféar a bhfuil an míchompord dosheachanta lárnach ann, i gcaitheamh an ghearrscéil, a mheallann an léitheoir isteach i ndomhan samhlaíoch aduain. Agus an t-éigniú, maraon le foréigean inscneach agus collaíoch i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann, bhí drogall orm an gearrscéal seo a theagasc i mbliana mar go bhféadfaí a leithéid d’ábhar cuimhní trámacha nó eispéiris phearsanta a dhúiseacht sna léitheoirí os mo chomhair.[1] Ach nach gá an tost áirithe seo a bhriseadh? Nach gá leas a bhaint as an litríocht chun comhráite tábhachtacha saoil a éascú le mic léinn agus le lucht léite na Gaeilge trí chéile? Dar le an scríbhneoir an ailt seo, tugann saothair liteartha Uí Chonghaile, anuas ar theoiric na haiteachta, na fearais dúinn chun ceisteanna den chineál seo a chur orainn féin mar léitheoirí. Nuair a chuirtear saothair Uí Chonghaile i gcomórtas le saothair chanónacha eile, is gá ceisteanna a tharraingt faoin gcur chuige a bhainfeadh le teagasc theoiric na haiteachta anuas ar an oideolaíocht ionchuimsitheach aiteach a bhaineann léi. Cé go bhfuil taighde liteartha déanta ar shaothair Uí Chonghaile ag scoláirí ar nós Phádraig Uí Shiadhail[2], Mháirín Nic Eoin[3], agus Sheáin Mhic Risteaird[4], níor ardaíodh ceisteanna i dtaca le teagasc na litríochta aití ina saothair siúd.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE