Iniúchadh ar ómós na háite dúchais mar a léirítear é trí theaghlach, theanga, thraidisiún, thírdhreach agus thírghrá san úrscéal Mo Dhá Róisín (1921) le Máire
de Bléine, Padaí
de Bléine, Padaí
Loading...
Publication Date
2025
Keywords
Type
journal article
Downloads
Citation
de Bléine, Padaí. (2025). Iniúchadh ar ómós na háite dúchais mar a léirítear é trí theaghlach, theanga, thraidisiún, thírdhreach agus thírghrá san úrscéal Mo Dhá Róisín (1921) le Máire. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29638
Abstract
San alt seo, déanfar tagairt do na teaghlaigh ar daofa é, don Ghaeilge, do na traidisiúin, don tírdhreach agus don tírghrá agus don dóigh a n-aibhsíonn Máire téama an ómós áite ina úrscéal Mo Dhá Róisin, 1921 (MDR). Tá na téamaí thuasluaite fite fuaite ina chéile san úrscéal agus sna saothair dá chuid a lean é. Dar le Titley (2002: 89), d’aimsigh Máire foirmle ar éirigh léi ina chuid scríbhinní tosaigh agus, dá fheabhas iad, níor éirigh leis riamh dul thar scríob na foirmle sin agus saothar níos géarchúisí, níos do-reamhinste nó fiú níos éagsúla a scríobh. D’aontaigh Ó Corráin (1992: 103) le Titley ina léacht ar Mháire a chuir Mac Congáil in eagar nuair a dúirt sé gur chloígh Máire leis an aon mhodh amháin scríbhneoireachta in achan rud dár scríobh sé. Dar le Ó Fiaich (1974) (in Ó Doibhlin, 1992: 168), níor ghá do Mháire mórán cumraíochta a dhéanamh ach an saol a bhí timpeall air a bhreacadh síos go mion le peann an ealaíontóra agus dá dtiocfadh an lá choíche a chaillfí gach foinse staire ó Rann na Feirste, d’fhéadfaí saothar ar stair Rann na Feirste a athchruthú as leabhair Mháire. Maíonn Nic Eoin (1982: 134) ‘Is beag na difríochtaí idir a chéadiarrachtaí agus na saothair dheireannacha dá chuid’. Déanfar iarracht a léiriú san alt seo, áfach, go bhfuil tús áite ag ómós áite léirithe go soiléir in MDR.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivatives 4.0 International