Publication

Ekphrasis spioradálta don Aos Óg: Alt léirmheasa ar Iontas na nIontas le Gabriel Rosenstock

Whelton, Marie
Citation
Whelton, Marie. (2025). Ekphrasis spioradálta don Aos Óg: Alt léirmheasa ar Iontas na nIontas le Gabriel Rosenstock. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29614
Abstract
Is teach foilsitheoireachta é Foilseacháin Ábhair Spioradálta a bunaíodh sa bhliain 1956 ‘faoi choimirce Ord na nÍosánach, chun leabhair a sholáthar i nGaeilge ar ábhair a bhaineann le creideamh agus leis an gcultúr Críostaí’ (2025) agus is cinnte go dtagann ábhar an ailt léirmheasa seo – Iontas na nIontas – leis na haidhmeanna sin. Cnuasach de véarsaí nua-chumtha is ea é don aos óg leis an scríbhneoir bisiúil, Gabriel Rosenstock, scríbhneoir a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta bainte amach aige dá shaothar turgnamhach filíochta agus próis do pháistí agus do dhaoine fásta araon. Is cnuasach suaithinseach é Iontas na nIontas toisc na véarsaí ann a bheith curtha i láthair in éineacht le foinsí a n-inspioráide – píosaí ealaíne ón bhFearann Poiblí. ‘Ekphrasis’ a thugann Rosenstock (2024: 13) ar an stíl atá á cleachtadh aige sa chnuasach agus ar an ábhar sin, sa léirmheas seo, tabharfar sainmhíniú ar dtús ar an téarma ekphrasis agus luafar cuid de na ceisteanna eiticiúla is gá do chriticeoirí liteartha dul i ngleic leo agus ekphrasis á mheas acu. Féachfar ansin ar an tslí a gcuireann Rosenstock ekphrasis i láthair an léitheora óig in Iontas na nIontas agus léireofar gur freagairt spioradálta ar an ealaín é saothar Rosenstock atá ag iarraidh freagairt spioradálta a spreagadh sa léitheoir óg.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY