Publication

Caointeoireacht na Gaeilge: Béalaireacht agus Literathacht

Nic an Airchinnigh, Méadhbh
Citation
Abstract
Tá deighilt láidir idir scoláirí Gaeilge maidir leis an mbéalaireacht agus an litearthacht sa chaoineadh. Ar láimh amháin, maítear gur seánra béil é an caoineadh a bhfuil fianaise de ar fáil i lámhscríbhinní, agus ar an láimh eile, áitítear gur athmhúnlú liteartha í an fhianaise scríofa, nach bhfuil aici ach an ceangal is lú leis an mbéalaireacht. Scrúdófar an gaol idir an liteartacht agus an bhéalaireacht i gcaointeoireacht na Gaeilge ón ochtú haois déag anuas, chun an bhaint a bhí idir seánraí, múnlaí béil agus múnlaí scríofa a thuiscint ar bhealach níos cuimsithí ná mar a deineadh go dtí seo. Sa chuid seo scrúdófar obair na scoláirí seo a leanas: Bourke, Ó Coileáin, Lysaght, Ó Madagáin agus Ó Buachalla. Ós é Caoineadh Airt Uí Laoghaire an caoineadh is cailiúla atá againn, déanfar grinnstaidéar airsean. Féachfar ar chaointe Éireannacha eile chomh maith chun an seánra a aithint. Féachfar ar fhianaise ó fhinnéithe comhaimseartha, Croker et al., ar an gcaointeoireacht chun comhthéacs an chaointe a chruthú. Ó tharla gan taifead againn ar chomhthéacs taibhléirithe an chaointe ach trí chuntais scríofa ó eachtrannaigh den chuid is mó, ní miste gné thraschultúrtha a chur san áireamh. Cuirfear caointeoireacht na Gréige san áireamh freisin, ní chun comhionannú a dhéanamh idir traidisiúin atá éagsúil, ach chun toise an taibhléirithe a chur i gceartlár na díospóireachta agus chun léirmhíniú a thabhairt ar na ceisteanna a ardaítear dá bharr. Sa dá thraidisiún seo tagann ceist na hinscne chun solais go láidir. Titeann staidéar na hamhránaíochta Gaeilge idir dhá stól go minic. Uaireanta, fágann scoláirí Gaeilge léann an cheoil ar lár mar nach mbíonn léamh an cheoil acu, agus uaireanta eile, ní bhíonn dóthain Gaeilge ag lucht an cheoil chun stáidéar cuimsitheach a dhéanamh ar an véarsaíocht a ghabhann leis an gceol - cé go bhfuil eisceachtaí ann. Ní foláir féachaint ar an bhfianaise cheoil agus ar an bhfilíocht in éineacht. Dá laghad ceol dá bhfuil againn, fós is fianaise thábhachtach í. Tabharfaidh anailís cháiréiseach ar an bhfianaise seo breis tuisceana dúinn agus peirspictíocht úr ar na gnéithe béil den chaointeoireacht.
Funder
Publisher
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland