Cuntas ar ghnéithe de stair agus de ról na próslitríochta a aistríodh go Gaeilge, agus go Béarla ón Ghaeilge, idir ré na Sean-Ghaeilge agus an 21ú haois
Mac Corraidh, Seán
Mac Corraidh, Seán
Loading...
Repository DOI
Publication Date
2023
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
Mac Corraidh, Seán. (2023). Cuntas ar ghnéithe de stair agus de ról na próslitríochta a aistríodh go Gaeilge, agus go Béarla ón Ghaeilge, idir ré na Sean-Ghaeilge agus an 21ú haois. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/f0f5-a198
Abstract
Glactar leis go mbaineann an tréimhse i stair na Gaeilge, a dtugtar ré na Sean-Ghaeilge uirthi, leis an achar ama ó 700 AD go 900 AD. Ar an ábhar sin, tá níos mó ná míle trí chéad bliain i gceist leis an ré a ndéantar machnamh uirthi i dtaca le stair agus ról na litríochta a aistríodh go Gaeilge san aiste seo. Is achoimre ghinearálta atá san aiste ar na mórshaothair phróis a aistríodh go Gaeilge agus ón Ghaeilge idir an 7ú haois agus an 21ú haois. Rinneadh Meán-Ghaeilge (900 AD–1200 AD) den tSean-Ghaeilge (700 AD–900 AD), agus Nua-Ghaeilge Mhoch (1200 AD–1650 AD) den Mheán-Ghaeilge, agus Nua-Ghaeilge (1650 AD go dtí an lá atá inniu ann) den Nua-Ghaeilge Mhoch (Ó Murchú, 1985) le linn an ama sin. Mar thoradh agus iarmhairt ar chineálacha éagsúla eachtraí síochánta agus foréigneacha ar a n-áirítear cúnguithe, ionraí, concais, plandálacha agus lonnuithe, bhí an Laidin, an tSean-Ioruais, Fraincis na Normannach, an Béarla, an Fhraincis agus an Spáinnis mar bhunteangacha d’aistriúcháin dhílse agus do théacsanna a cuireadh in oiriúint sa Ghaeilge le samhlaíocht agus le cruthaitheacht (Cronin, 1996). Tá sé d’aidhm san fhordhearcadh seo eolas a sholáthar ar chur i ngníomh an aistriúcháin le linn an ama atá i gceist anseo agus an tábhacht a bhaineann leis an ghníomhú chéanna don phróslitríocht i nGaeilge.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE