Publication

Ó shamhlacha físeacha go dtí an cleachtas laethúil: Creat forbartha gairmiúla na foghlama comhtháite ábhar agus teanga le cuidiú na teicneolaíochta (R-FCÁT)

Ní Bheaglaoich, Nóra
Ó Ceallaigh, T.J.
Citation
Ní Bheaglaoich, Nóra, & Ó Ceallaigh, T.J. (2024). Ó Shamhlacha Físeacha go dtí an Cleachtas Laethúil: Creat Forbartha Gairmiúla na Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teanga le cuidiú na Teicneolaíochta (R-FCÁT). Léann Teanga: An Reiviú.
Abstract
Tá dea-cháil na foghlama comhtháite ábhar agus teanga (FCÁT) aitheanta sa litríocht idirnáisiúnta ó na nóchaidí i leith mar threocht chun an dara teanga a theagasc. Tiomáineann an t-ábhar an teagasc le FCÁT ach cuirtear défhócas ar ábhar agus ar theanga araon chun an sprioctheanga a bhláthú (Coyle et al., 2010; Mehisto et al., 2008). Eachtraítear don bhFCÁT sa litríocht dhúchasach in Éirinn le fada (An Roinn Oideachais & Scileanna, 2011; Harris et al., 2006; Rialtas na hÉireann, 2010; Harris & Ó Duibhir, 2011; An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim & Measúnachta, 2015; 2019) ach feictear dícheangal go fóill maidir le moltaí an churaclaim teanga don bhunscoil (CNCM, 2015; 2019) agus cleachtais laethúla an ghnáthmhúinteoir ranga chun FCÁT a fhódú sa teagasc i mbunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ina múintear an Ghaeilge mar dhara teanga (T2).
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivatives 4.0 International