Publication

Samplaí den Fhrith-Sheimíteachas in Irisí Éireannacha / Gaelacha sa chéad leath den 20ú hAois

Ní Uigín, Dorothy
Citation
Ní Uigín, Dorothy. (2019). Samplaí den Fhrith-Sheimíteachas in Irisí Éireannacha / Gaelacha sa chéad leath den 20ú hAois. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/e1st-zs71
Abstract
Ní raibh pobal mór Giúdach ag cur fúthu in Éirinn ag tús na 20ú haoise (3898 an líon Giúdach atá áirithe ar Dhaonáireamh 1901) agus don té nach raibh ag breathnú go géar ar chúrsaí polaitíochta in Éirinn, ní raibh an frith-Sheimíteachas, ar bhonn forleathan, le tabhairt faoi deara ag aon am ar leith in Éirinn sa chéad leath den 20ú haois. Maíonn Natalie Wynn, áfach, (2012: 1) ‘…one of the major weaknesses in the existing historiography of Irish Jewry, [is] the failure to consider the true extent and impact of antisemitism on Ireland’s Jewish community’, agus áitíonn sí nach raibh an pobal beag Giúdach anseo saor ar fad ón ngéarleanúint a bhí le tabhairt faoi deara go soiléir ar Mhór-Roinn na hEorpa sa tréimhse seo. Míníonn Gerald Moore (1984: 1): It would of course, be an exaggeration to suggest that Anti-Semitism was as rampant in Ireland as in Europe. At the same time it emerged often enough to suggest that, if the Jewish population was to expand to any serious degree, the level of anti-Semitism would correspondingly increase as it in fact did in the late 19th and early 20th centuries. San alt seo, breathnaítear ar dhá iris ar leith a foilsíodh sa chéad leath den aois seo caite – Aontas Gaedheal agus Aiséirighe/Aiséirí – agus ceistítear an léargas iad na samplaí seo ar an bhfrith-Sheimíteachas ar bhonn forleathan in Éirinn, nó an mionsamplaí iad de thuairimí agus de dhearcthaí a rug greim ar shamhlaíocht daoine ar bhonn i bhfad ní b’fhorleithne i dtíortha Mhór-Roinn na hEorpa sa chéad leath den 20ú haois?
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE