Publication

An Fhrainc Iathghlas? Tionchar na Fraince ar Athbheochan na Gaeilge, 1893-1922

Ní Ghearbhuigh, Ailbhe
Citation
Abstract
Chuireas romham sa tráchtas seo tionchar na Fraince agus na Fraincise ar Athbheochan na Gaeilge a rianadh. Áiteofar go raibh ceannairí na hAthbheochana go mór faoi anáil na Fraince agus na Fraincise, agus gur fhéachadar chun na Fraince i gcomhair múnlaí liteartha a chothódh nualitríocht na Gaeilge. Sholáthair ardlitríocht na Fraince bealach isteach chun na hEorpa mar aon le bealach éalaithe ó thionchar Shasana. Eiseamláir mheasúil a bhí i litríocht na Fraince, rud a bhí tarraingteach d'Athbheochanóirí ar theastaigh uathu uaisleacht a chothú i litríocht na NuaGhaeilge. Léireofar cé chomh forleathan agus domhain is a bhí eolas cheannairí na hAthbheochana ar chultúr, stair, agus teanga na Fraince. Is í an phríomhargóint, áfach, ná go raibh íomhá áirithe den bhFrainc agus de litríocht na Fraince á cur chun cinn ag Athbheochanóirí na Gaeilge, íomhá a bhí á múnlú acu de réir a gcuid riachtanas féin. Feicfear aighneas áirithe ag eascairt as an teannas idir luachanna aestéitice an tsaothair agus luachanna morálta an údair sa díospóireacht ar chúrsaí creidimh. Díríodh ar údair Fhrancacha a bhí 'folláin,' ach fiú i gcás na scríbhneoirí ba mhó a mhol na hAthbheochanóirí, Alphonse Daudet agus René Bazin, tugadh foláireamh faoi leabhair áirithe dá gcuid. Má bhí eiseamláir liteartha le fáil i litríocht na Fraince, bhí eiseamláir de ghluaiseachtaí teanga sa tír, freisin, agus bhí mórán tráchta ar Provence agus ar an mBriotáin i bhfoilseacháin na hAthbheochana. Chothaigh an meas a bhí acu ar obair fhrithláraithe na ngluaiseachtaí seo míshuaimhneas i measc Athbheochanóirí, a bhí an-tógtha le cultúr measúil Pháras. Tar éis 1913, áfach, b'éigean do na hAthbheochanóirí cúl a thabhairt le Páras, mar d'aithníodar cumhacht aonchineálach Pháras agus go raibh a bhfís féin ag teacht go mór le haidhmeanna na ngluaiseachtaí réigiúnda. Díríodh níos mó ar ghluaiseacht na Briotáine as sin amach toisc comhluachanna agus comhchuspóirí a bheith á roinnt aici le gluaiseacht na Gaeilge.
Funder
Publisher
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland