Publication

“Teanga Náisiúnta na hÉireann?”: idé-eolaíocht agus polaitíocht i nGluaiseacht na Gaeilge 1893-1943

Hakamada, Chinatsu
Citation
Abstract
Cuirim romham sa tráchtas seo iniúchadh a dhéanamh ar an dlúthbhaint idir gluaiseacht na Gaeilge agus na príomhpháirtithe polaitiúla Cumann na nGaedheal/Fine Gael agus Fianna Fáil chun an Ghaeilge a athbheochan mar ‘theanga náisiúnta’ na hÉireann. Is í an tréimhse atá i gceist leis an tráchtas seo ná an tréimhse roimh bhunú Chonradh na Gaeilge suas go dtí an bhliain 1943, an bhliain a ndearnadh comóradh caoga bliain ar bhunú Chonradh na Gaeilge agus inar bunaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Léiríonn an tráchtas seo gur choincheap polaitiúil í an ‘teanga náisiúnta’ toisc gur shamhlaigh sí an Ghaeilge le teanga an náisiúin, .i. teanga a bhain le muintir na hÉireann go léir, seachas mar theanga a bhain le pobal na Gaeilge go heisiach. Is í an ‘teanga náisiúnta’ leis an mbrí sin a ghlac Conradh na Gaeilge agus an rialtas dúchais léi mar bhunús de chúis athbheochan na Gaeilge. D’ainneoin gurbh é tionchar na polaitíochta náisiúnta ar ghluaiseacht na Gaeilge ceann de na cúiseanna le síoreasaontas i measc lucht na hathbheochana, bhí idirghníomhaíocht idir gluaiseacht na Gaeilge agus an pholaitíocht náisiúnta riachtanach chun an aidhm bhunúsach sin a bhí ag gluaiseacht na Gaeilge a bhaint amach. I measc polaiteoirí na linne, cuirtear béim mhór ar Éamon de Valera mar an phearsa ba mhó a raibh páirt lárnach aige i gcur chun cinn idé-eolaíocht na ‘teanga náisiúnta’. Bhí páirt lárnach ag an idé-eolaíocht sin go háirithe in Aimsir na hÉigeandála i gcur chun cinn an Ghaelachais agus an náisiúnachais i stíl de Valera. Sa chomhthéacs sin, léiríonn an tráchtas seo gurbh í an dlúthbhaint idir gluaiseacht na Gaeilge agus an pholaitíocht náisiúnta chun gluaiseacht na Gaeilge a atheagrú ar son na ‘teanga náisiúnta’ a bhí mar chúl taca le bunú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge sa bhliain 1943.
Funder
Publisher
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland