Publication

Bíonn Dhá Insint ar gach Scéal! Múineadh na Gramadaí sna Bunranganna lán-Ghaeilge

Ní Shuibhne, Caoimhe
Ní Aogáin, Sylvaine
Citation
Ní Shuibhne, Caoimhe, & Ní Aogáin, Sylvaine. (2022). Bíonn Dhá Insint ar gach Scéal! Múineadh na Gramadaí sna Bunranganna lán-Ghaeilge. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/138n-zc82
Abstract
Tá an córas tumoideachais ag dul ó neart go neart le tríocha bliain anuas agus cé go léirítear buntáistí an chórais go forleathan sa litríocht (Baker & Wright, 2021; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ó Duibhir, 2018), tráchtar ar dhúshláin an chórais go mion minic. Sonraítear, mar shampla, go gcothaíonn sealbhú cruinn an dara teanga (T2) dúshláin do mhúinteoirí agus do dhaltaí tumoideachais araon (Ní Aogáin, Ní Mhurchú & Ó Ceallaigh, 2021; Ó Duibhir, 2018; Tedick & Lyster, 2020) agus maítear gurb annamh a éiríonn le daltaí tumoideachais caighdeán gramadaí a shealbhú a bheadh inchurtha le cainteoirí dúchais (Flynn, 2021; Ó Duibhir, 2018). Dealraítear go n-úsáideann daltaí tumoideachais ‘idirtheanga’ (Selinker, 1972) chun cumarsáid a dhéanamh i measc a chéile. Mar bharr ar an donas, tugtar le fios go mbíonn sé rídheacair ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí tumoideachais athstruchtúrú na n-idirtheangacha lochtacha a nochtadh nuair a dhéantar calcadh orthu i gcuimhne fhadtéarmach an dalta. Le saibhriú thaighde an ghoirt le scór bliain anuas, tá claochlú tagtha ar thuiscint múinteoirí agus taighdeoirí. Aithnítear anois nach leor ionchur teanga sothuigthe ar mhaithe le sealbhú cruinn an T2 a mhúscailt (Cammarata & Haley, 2018; Krashen, 1985). Glactar leis nach mór aird daltaí a tharraingt ar ghnéithe gramadaí ar leith den T2 i gcomhthéacsanna cumarsáide agus le linn teagasc ábharbhunaithe ar mhaithe le bearnaí cruinnis ina dteanga a shárú (Flynn, 2021; Tedick & Lyster, 2020). Cé go moltar an cur chuige eispéireasach agus an cur chuige anailíseach a fhí ina chéile go fónta chun deiseanna bríocha a bhronnadh ar dhaltaí an teanga a fhorbairt go cruinn sa chóras tumoideachais (Ó Duibhir, 2018; Ó Duibhir et al., 2016; Ní Aogáin et al., 2021; Ní Dhiorbháin & Ó Duibhir, 2017), tuigtear gur gnó dúshlánach é an teagasc frithchothromaithe seo (Tedick & Lyster, 2020) a chur i ngníomh sa seomra ranga tumoideachais (Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017).
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE