Publication

An Dátheangachas agus Saothair Dhrámaíochta TG4: iniúchadh ar dhomhan scéalaíochta An Klondike agus Corp + Anam

Breathnach, Seán
Citation
Breathnach, Seán. (2017). An Dátheangachas agus Saothair Dhrámaíochta TG4: iniúchadh ar dhomhan scéalaíochta An Klondike agus Corp + Anam. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/5pcn-3t07
Abstract
Cé go bhfuil ficsean nuascríofa i nGaeilge á choimisiúnú agus á chraoladh ag TG4 ó bunaíodh an staisiún i 1996, feictear go bhfuil borradh suntasach tagtha ar an aschur drámaíochta ó Bhaile na hAbhann le roinnt blianta anuas. Feictear freisin go bhfuil ceangal ag an mbisiúlacht drámaíochta seo le teacht chun cinn roinnt cistí maoinithe lasmuigh den stáisiún, mar an scéim Fuaim agus Fís atá faoi chúram Údarás Craolacháin na hÉireann, ag tabhairt cosán do scriptscríbhneoirí i nGaeilge insint drámaíochta i nGaeilge a fhorbairt. Tá chomh maith is atá ag éirí le maoiniú a tharraingt i dtreo saothair dhrámaíochta i nGaeilge ag dul chun tairbhe TG4 sa chomórtas oscailte seo, go deimhin, tá os cionn €17 milliún[1] dáilte ag Údarás Craolacháin na hÉireann ar 36 togra drámaíochta i nGaeilge ó 2006 (Údarás Craolacháin na hÉireann, 2017). Cé gur iomaí slat tomhais atá ann le go bhféadfaí áitheas na saothar ficsin seo a scrúdú, ar nós méid an lucht féachana mar shampla, b’fhiú a thabhairt ar aird go bhfuil soláthar drámaíochta TG4 ag tarraingt aire na léirmheastóirí agus na gcriticí go rialta, ní hamháin in Éirinn ach go hidirnáisiúnta chomh maith. Tá dhá shraith drámaíochta a chraol TG4 agus a bhain duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta amach á n-iniúchadh sa pháipéar seo. Is iad sin, Corp + Anam (Magamedia, 2011 agus 2014) a scríobh Darach Mac Con Iomaire agus a bhí á stiúradh aige, agus An Klondike/Dominion Creek (Abú Media, 2013 agus 2017) a chruthaigh agus a stiúir Dathaí Keane. Roghnaíodh na saothair seo mar go dtugann siad léargas ar na dúshláin atá le sárú ag scríbhneoirí scripte i nGaeilge, cothromaíocht sna léirithe a bhaint amach i dtaobh chruthú na scéalaíochta, agus cur i láthair i mionteanga. Roghnaíodh iad chomh maith, mar go bhfuil cosúlachtaí sna léiriúcháin seo i dtaobh scóipe agus i dtaobh buiséid de, ach an-éagsúlacht sa chaoi a gcuirtear an domhan scéalaíochta i láthair i nGaeilge. Scrúdófar próisis forbartha agus deartha scripte na mórthograí drámaíochta seo trí agallamh leathstruchtúrtha a chur ar na scríbhneoirí, ina ndéanann siad anailís ar na mianta aeistéitice a chruthaigh siad. Tarraingítear freisin ar agallamh leathstruchtúrtha le hArdstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, a thugann forléargas agus comhthéacsú ar an drámaíocht físe i nGaeilge, ina bpléitear an glacadh atá ag an lucht féachana leis.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE