Loading...
Thumbnail Image
Publication

Teanga gan teorainn? Léargas ar ról na gcoláistí Gaeilge i ngluaiseacht teanga chúige Uladh sna 1920í & 1930í

McCafferty, Máire
Citation
McCafferty, Máire. (2025). Teanga gan teorainn? Léargas ar ról na gcoláistí Gaeilge i ngluaiseacht teanga chúige Uladh sna 1920í & 1930í. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29631
Abstract
In 2024, bhí 120 bliain slánaithe ag na Coláistí Gaeilge ón lá a osclaíodh an chéad Choláiste i gCorcaigh in 1904. Cé go bhfuil cuimhní ar leith ag glúnta éagsúla d’Éireannaigh ar a bheith ag freastal ar chúrsaí sna Coláistí gach samhradh ó shin, is beag atá ar eolas i gcoitinne go fóill faoi stair fhada na n-institiúidí sin. Is iad Nollaig Mac Congáil agus Seán Ó Coigligh na húdair is mó go dtí seo atá tar éis scéal na gColáistí Gaeilge i mblianta luatha na hAthbheochana a insint. Tá ocht gcinn d’ailt scríofa ag Nollaig Mac Congáil ar ghnéithe éagsúla de stair na gColáistí Gaeilge. Sa chomhthéacs Ultach, tá ailt scríofa aige ar Choláiste Chomhghaill, Béal Feirste, ar Choláiste Uladh, Cloch Cheann Fhaolaidh, Tír Chonaill agus ar Choláiste na gCeithre Máistrí, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill. Is é tráchtas Sheáin Uí Choigligh, Na Coláistí Gaeilge mar ghné d’Athbheochan na Gaeilge, 1904–1912, an saothar is iomláine go dtí seo ar luathstair agus ar chomhthéacs oideachasúil na gColáistí Gaeilge. Seachas sin, áfach, is in ailt agus i leabhair fhánacha a fhaightear eolas ar ghnéithe éagsúla d’obair na gColáistí thar na blianta, agus is annamh freisin a fheictear trácht ar ról na gColáistí agus mórimeachtaí staire an 20ú haois á bplé ag scoláirí. In 2025, tá os cionn 100 bliain caite ó Chríochdheighilt na hÉireann in 1921, agus ó cruthaíodh dhá chóras oideachais éagsúla sa tír seo in 1922 — nithe a chuaigh go mór i bhfeidhm ar stair na tíre agus ar ghluaiseacht na teanga ach go háirithe. Ina ainneoin sin, áfach, níl ann do shaothar acadúil go fóill a thugann faoi ról na gColáistí Gaeilge sna himeachtaí sin a mheas. Cuireann an t-alt seo roimhe, mar sin, léargas a thabhairt ar luach na gColáistí Gaeilge do ghluaiseacht na teanga i gCúige Uladh sna blianta luatha i ndiaidh na Críochdheighilte sna 1920í agus 1930í. Díreofar ar Rann na Feirste i dTír Chonaill mar chás-staidéar a thugann léargas ar leith dúinn ar thábhacht na gColáistí maidir le forbairt agus buanú Ghaeilge Uladh ar an dá thaobh den teorainn a scar an cúige in 1921.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY
Collections