Publication

Acht ón bhun aníos: An Dream Dearg, #AchtAnois agus ról an phobail san fheachtasaíocht mionteanga

Ó Tiarnaigh, Pádraig
Mac Giolla Bhéin, Ciarán
Citation
Ó Tiarnaigh, Pádraig, & Mac Giolla Bhéin, Ciarán. (2018). Acht ón bhun aníos: An Dream Dearg, #AchtAnois agus ról an phobail san fheachtasaíocht mionteanga. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/89sb-db17
Abstract
Agus an domhan ag amharc ar Arlene Foster agus ar Mháirtín Mac Aonghusa, le chéile in oifig an Chéad agus an Leas-Chéad Aire, agus iad taobh le taobh i bhFómhar 2016, ag fógairt deá-scéil an Fheidhmeannais ó thuaidh, ag léiriú ré úrnua an chomhoibrithe idir an DUP agus Sinn Féin, agus ag tarraingt in aon treo amháin, is údar iontais, b’fhéidir, agus suime do go leor, go bhfuiltear anois gan Rialtas nó Tionól cineachta, agus go mbeadh ceist na Gaeilge aitheanta ar ardán áitiúil, náisiúnta agus domhanda agus todhchaí an Tionóil sin anois idir dhá cheann na meá ar fad (The Irish News, 21/11/2016). Sa pháipéar seo a leanas, déanfar scagadh ar ról na Gaeilge i dtitim an Tionóil agus sna comhchainteanna polaitíóchta 2017-18 chun an Tionól a chur ar bhun arís, chun léargas a thabhairt ar ról na feachtasaíochta i saol reatha na polaitíochta ó thuaidh. Is í is aidhm don pháipéar seo scéal ‘An Dream Dearg’ idir samhradh 2016 agus earrach 2018 a chíoradh. Sa tréimhse ama seo déanfar tagairt don Ghaeilge mar bhuille maraithe na muice, mar cheist chearta a léirigh leatrom na polaitíochta i gcoinne pobail mhionlaigh. Leis an leatrom sin tháinig fríthghníomh ón bhun aníos. Bunaíodh An Dream Dearg, feachtas a ndéantar comparáid air anois le feachtas na gceart sibhialta, ‘one man, one vote’, ó thuaidh sna 1960í, ach feachtas nach bhfuil tagtha chun deiridh nó chun fírinne fós (Mallie, 2017). Mar mhodheolaíocht sa pháipéar seo, déantar gach iarracht an insint agus an anailís a bhunú ar phríomhfhoinsí foilsithe sna meáin a bhí lárnach sa díospóireacht, mar aon le léamh na n-údar agus a dtuiscint chéadláimhe ar an ábhar seo, uilig fréamhaithe i gcuid den teoiric acadúil atá ar fáil ar an ghníomh phobalbhunaithe, ar an eagrú pobail agus ar an reachtaíocht teanga. Tagraítear anseo fosta don chur chuige gníomhach agus don teoiric bheo ar úsáid na meán sóisialta mar ‘aimplitheoir sóisialta’ (social amplifier), agus ról na n-ardán sin i ngníomhartha An Dream Dearg. Baintear úsáid as tráchtaireacht leanúnach sna meáin chumarsáide le linn na tréimhse sin, mar aon le treoircháipéisí, tuairiscí reachtaíochta agus polasaithe teanga, chun cur leis an téis sa saothar seo. Áitítear anseo gurb í ceist na Gaeilge, a tháinig chun tosaigh ag am cinniúnach ar fad trí ghluaiseacht a tháinig ón phobal aníos, a d’athraigh tírdhreach polaitiúil na sé chontae, ar bhealach nach bhfacthas le beagnach 20 bliain.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE