Publication

Litearthacht aosach sa nGaeltacht: staidéar ar riachtanais agus ar chumas aosach maidir le litearthacht i nGaeilge

Ó Bróithe, Éamonn
Citation
Abstract
Ba í aidhm an staidéar taighde seo ná tuiscint a fháil ar dhearcadh, chumas agus riachtanais lucht labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht maidir le litearthacht sa teanga sin i gcúinsí an tsíorbhrú atá ar an nGaeilge mar theanga phobail. Cuireadh agallamh ar sholáthraithe sheirbhís litearthachta d’aosaigh sa nGaeltacht (ochtar) agus ar chainteoirí Gaeilge (16 duine) a bhí ag úsáid na seirbhíse sin agus seirbhís oideachais aosaigh eile. Ceistíodh rannpháirtithe maidir lena mbraistintí faoin nGaeilge i gcleachtais litearthachta an phobail, agus faoi na tosca a bhí ag spreagadh foghlaimeoirí chun cúnamh a fháil. Trascríobhadh na hagallaimh agus rinneadh anailís théamach orthu le NVIVO. Forbraíodh ionstraim shuirbhé chun scileanna litearthachta Gaeilge a mheas agus chun eolas a bhailiú maidir le cleachtais agus riachtanais litearthachta Gaeilge. Bailíodh faisnéis ó 247 freagróir i dtrí thoghroinn i nGaeltacht Chonamara. Ba é leibhéal an oideachais fhoirmiúil an deitéarmanant ba shuntasaí maidir le leibhéal na scileanna agus inniúlacht a bhí ionann le leibhéal NFQ 3 (ar a laghad) ag formhór na ndaoine a chríochnaigh an mheánscolaíocht. Ba é an t-oideachas an deitéarmanant ba thábhachtaí freisin maidir le minice an Ghaeilge a úsáid ina gcleachtais litearthachta. Tugadh le fios go mbraitheann chuid mhór de mhuintir na Gaeltachta go bhfuil a gcuid scileanna litearthachta níos fearr i mBéarla ná i nGaeilge, ach go háirithe nuair a bhíonn scileanna ísle acu, agus go raibh an éagothroime sin ina toradh ar an ról ceannasach atá ag an mBéarla i gcleachtais litearthachta phobal na Gaeltachta. Cé go bhfuil litearthacht sa nGaeilge tábhachtach dá bhféiniúlacht mar phobal Gaeltachta, tá a feidhmiúlacht theoranta i gcleachtais litearthachta an phobail ag cur le cúngú feidhm na teanga agus leis an aistriú teanga go Béarla. Moltar seirbhís litearthachta Gaeilge d’aosaigh sa nGaeltacht a sholáthar go príomha mar thaca don phróiseas reachtúil pleanála teanga.
Publisher
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland