Publication

Athinsint ealaíonta ar oidhe Dheirdre agus ar ansmacht Chonchúir

Whelton, Marie
Citation
Whelton, Marie. (2024). Athinsint ealaíonta ar oidhe Dheirdre agus ar ansmacht Chonchúir. Léann Teanga: An Reiviú.
Abstract
Tá scéal brónach tragóideach Dheirdre agus Chlann Uisnigh i measc oidheanna Rúraíochta móra na Gaeilge. Is scéal clasaiceach é atá á léamh agus á athinsint le níos mó ná míle bliain. I liosta foinsí, luann an Corpus of Electronic Texts (CELT) (https://celt.ucc.ie/published/T301020.html) ocht leagan a foilsíodh idir 1808 agus 1993 agus cúig oiriúnú / aistriúchán is tríocha den scéal a foilsíodh idir 1858 agus 1996. I measc a eagarthóirí agus a oiriúnóirí clúiteacha, tá Dubhghlas de hÍde, W.B. Yeats agus Pádraig Ó Fiannachta. D’fhéadfaí cur leis an liosta atá curtha ar fáil ag CELT agus leaganacha do pháistí agus do dhéagóirí den scéal a lua – leagan Cholmáin Uí Raghallaigh ón mbliain 2008, mar shampla amháin, leagan atá maisithe i stíl ghrafach ag Barry Reynolds. Agus an líon sin leaganacha eile ar marthain, an cheist is túisce a thagann chun cinn don léirmheastóir faoin leagan úr seo le Darach Ó Scolaí ná: an raibh gá le hathinsint eile? A luaithe agus a thógfaidh an léitheoir leabhar Uí Scolaí ina lámha, áfach, beidh sé soiléir dó / di go gcuireann an leagan úr seo go mór le traidisiún an scéil agus go ndéanann sé an traidisiún sin a athbheochan go healaíonta. Sa léirmheas seo féachfar ar dhá ghné den athbheochan a dhéanann Ó Scolaí ar an scéal, is iad sin, an ghné idirnáisiúnta agus an léiriú casta a thugann an tragóid ar chúrsaí cumhachta agus ar chúrsaí inscne.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivatives 4.0 International