Publication

Craobh na Cásca de chuid Chonradh na Gaeilge sna 1960í: Allagar, athbhreithniú agus athnuachan

Rowland, Hugh
Citation
Rowland, Hugh. (2025). Craobh na Cásca de chuid Chonradh na Gaeilge sna 1960í: Allagar, athbhreithniú agus athnuachan. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29621
Abstract
Ina leabhar, Ireland: A social and cultural history, 1922–2002, is é ‘the decades of debate’ an cur síos a thugann Terence Brown (2004: 254–96) ar thréimhse ghuagach mórathruithe na 1960í agus na 1970í in Éirinn. De dheasca na heisimirce as éadan a tharla in imeacht na 1950í, áitíonn Brown (2004: 199) gur tháinig luachanna cultúrtha na tíre, chomh maith leis an tsamhail gheilleagrach, faoi athbhreithniú i gcomhthéacs ceistitheach na 1960í go háirithe. Leagann Ciara Meehan agus Mary E. Daly cuid den chomhthéacs sin amach: The 1960s were a period of change in Ireland. Political, economic and social thought was revised as a result of Vatican II, the arrival of television and the potential of EEC (European Economic Community) membership. That decade also marked the passing of the revolutionary generation from power (Meehan, 2013: 1).
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivatives 4.0 International