Publication

Cara nó namhaid? An intleacht shaorga ghiniúnach agus oideolaíocht na Gaeilge ag leibhéal an ardoideachais.

Farrell, Orna
Mac Risteaird, Seán
Citation
Farrell, Orna, & Mac Risteaird, Seán. (2025). Cara nó namhaid? An intleacht shaorga ghiniúnach agus oideolaíocht na Gaeilge ag leibhéal an ardoideachais. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29637
Abstract
Tá dúshláin shainiúla ag baint le húsáid na hIntleachta Saorga Ghiniúnaí (ISG) sa seomra ranga Gaeilge ag aon leibhéal oideachais. Faoi mar a mhíníonn Ní Chiaráin et al., (2023) thíos dúinn, meastar go forleathan gur radacach an rud é an ISG i réimse an oideachais trí chéile, ach is minic nach dtuigtear na himpleachtaí nó na dúshláin a eascraíonn ón gcineál seo teicneolaíochta sa ghnáthphobal, cé go bhfuil ‘súil an domhain mhóir’ ar an gcineál seo teicneolaíochta: I gcás na dteangacha atá ar bheagán acmhainní digiteacha, an Ghaeilge ina measc, tá ceisteanna breise le cur san áireamh, mar shampla, tacair theoranta sonraí chun samhlacha iontaofacha teanga / acústaice a thraenáil, agus easpa taighdeoirí leis na scileanna cuí teangeolaíochta, teagaisc agus teicneolaíochta chun na córais a fhorbairt. Ciallaíonn an bhéim atá ar ollsonraíocht sna modhanna nua-aimseartha forbartha go bhfuil sé i bhfad níos deacra córais theagaisc a fhorbairt do theangacha neamhfhorleathana ná mar atá do na mórtheangacha (Ní Chiaráin et al., 2023: 5)
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY