Loading...
Thumbnail Image
Publication

An tumoideachas déanach: bac nó buntáiste?

Ní Chonchubhair, Hilary
Ó Ceallaigh, T. J.
Dennehy, Niamh
Citation
Ní Chonchubhair, Hilary, Ó Ceallaigh, T.J., & Dennehy, Niamh. (2024). An tumoideachas déanach: bac nó buntáiste? Léann Teanga: An Reiviú.
Abstract
Is tréimhse shuntasach í an t-aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil i saol an fhoghlaimeora. Déantar cur síos ar an tréimhse fhorbarthach seo mar chlaochlú cognaíoch, síceasóisialta agus mothúchánach (Hanewald, 2013; Hines, 2007). Is beag atá fiosraithe ar an ábhar seo i gcomhthéacs na hÉireann, go háirithe ó tharla leasú curaclaim ag an dá leibhéal, agus tá níos lú fós le sonrú i gcomhthéacs an tumoideachais dhéanaigh lán-Ghaeilge. Is iad foghlaimeoirí an tumoideachais dhéanaigh iad siúd a aistríonn ó bhunscoil lán-Bhéarla go hiar-bhunscoil lán-Ghaeilge, nó foghlaimeoirí a dhéanann staidéar ar an nGaeilge mar ábhar riachtanach amháin mar chuid den churaclam bunscoile (Ó Muircheartaigh & Hickey, 2008). Aithnítear cúig dhroichead aistrithe idir an bhunscoil agus an iar-bhunscoil sa litríocht idirnáisiúnta a fheidhmíonn mar chreat teoiriciúil don aistriú rathúil (Galton et al., 1999): an droichead riaracháin, an droichead sóisialta agus mothúchánach, an droichead curaclaim, an droichead oideolaíoch agus an droichead neamhpleáchais foghlama. Tá sé mar aidhm ag an bpáipéar seo iniúchadh a dhéanamh ar chúinse sa bhreis don aistriú rathúil i gcomhthéacs an tumoideachais dhéanaigh – teanga an teagaisc. Ar dtús, tabharfar sainmhíniú ar an tumoideachas agus ar an tumoideachas déanach, mar aon leis an aistriú i gcomhthéacs an tumoideachais dhéanaigh. Déanfar scagadh criticiúil ar litríocht ábhartha agus tabharfar spléachadh ar phríomhghnéithe an tumoideachais dhéanaigh. Fiosrófar na himpleachtaí forbartha ó pheirspictíochtaí éagsúla d’fhoghlaimeoirí an tumoideachais dhéanaigh agus bearna inniúlachta teanga le sárú acu. Mar chonclúid, féachfar ar na dúshláin agus na deiseanna roimh phobal an tumoideachais dhéanaigh, idir fhoghlaimeoirí, thuismitheoirí/chaomhnóirí, mhúinteoirí agus cheannairí scoile, agus an Ghaeilge mar theanga an teagaisc, na cumarsáide agus an tsóisialaithe.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY
Collections